An bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire?

Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Meitheamh, 2009.

Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo. Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh.

Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 19 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington. Fuair an bheirt, Steve Rosen agus Keith Weissman, na doiciméid i dtaobh na hIaráine ó Larry Franklin, anailísí sinsearach sa Pheinteagán. Phleadáil Franklin, a bhí ag obair in oifig Douglas Feith as ar tháinig an fhaisnéis bhréige i dtaobh na hIaráice, ciontach do spiaireacht i 2005. Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.

Mar luach saothair i leith seirbhíse Harman, gheall an gníomhaire Iosraelach go gcuirfeadh sé brú ar Nancy Pelosi, ceannaire an Phairtí i dTeach na nIonadaithe, Harman a ainmniú mar chathaoirleach ar Choiste an Tí um Fhaisnéis. Ba é deonachán polaitiúla de chuid Haim Saban, toicí Iosraelach na meán cumarsáide, a bhí i gceist aige a tharraingt siar mura ndéanfadh Pelosi amhlaidh.

Bagairt nach beag a bhí ann mar thug Saban, a rugadh san Eigipt, os cionn $12 milliúin don Pháirtí Daonlathach in aon bhliain amháin. Sa bhliain 2001-2002, ba é Saban an bronntóir maoinithe ba mhó a bhí ag na Daonlathaigh, nuair a bhí cinnireacht an pháirtithe ag tacú le hionradh ar an Iaráic. B’é Saddam Hussein an chloch ba mhó ar phaidrín Saban ag an am. Ba chuma sa sioc leis faoi pholasaithe eile na nDaonlathach. Mar a dúirt sé leis an New York Times uair amháin: “I’m a one-issue guy and my issue is Israel.”

Mar a tharla, cuireadh fios ar Pelosi mar gheall ar an gcomhrá idir Harman agus an gníomhaire Iosraelach, agus ní bhfuair Harman an post tábhachtach ó thaobh slándála de. Ach níor cuireadh aon phíonós uirthi ach an oiread, cé gur cosúil gur ardtréas a bhí i gceist. Mar sin féin, ar éigean gur chualathas gíog ná míog as na meáin. Cuir i gcás, áfach, an rí-rá agus ruaille buaille a bheadh ann dá mbeadh ‘namhad’ ar nós na hIaráine i gceist.

Polaiteoirí ar Díol

Cad chuige a bhfuil lucht Iosrael in ann beagnach a rogha rud a dhéanamh i Washington? Is é freagra gearr na ceiste sin ná ‘airgead.’ Faigheann an Páirtí Daonlathach beagnach 60 faoin gcéad (35 faoin gcéad i gcás na bPoblachtánach) dá chuid airgead ó Ghiúdaigh atá dígeanta ina dtacaíocht don eite dheis san Iosrael. Cé gur mionlach beag iad – thart ar aon trian den phobal Giúdach i Meiriceá – i measc mionlaigh 1.7 faoin gcéad den phobal Meiriceánach go léir, is féidir leo deireadh a chur le saol polaitíochta aon duine nach dtugann tacaíocht neamhchriticiúil d’Iosrael.

I measc na polaiteoirí a chaill a suíocháin mar gheall ar airgead na Síónach, tá Pete McCloskey (ar cuireadh focail ina bhéal), Charles Percy, Paul Findley, Earl Hilliard agus Cynthia McKinney. Is rabhadh ar tharla dóibh siúd d’aon pholaiteoir gan teacht salach ar an mbrúghrúpa cumhachtach ar son Iosrael.

Dúirt Cynthia McKinney, iarrthóir an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta i 2008, in agallamh ar na mallaibh nach raibh ach triúr nó ceathrar, nó cúigear b’fhéidir, as 535 ball i gComhdháil SAM a bhíonn sé de mhisneach acu vótáil in aghaidh Iosrael. “Aon faoin gcéad?” a d’fhiafraigh an t-agallóir suaite di. “Má bhíonn an t-ádh leat,” a d’fhreagair sí.

Anuas ar an airgead a tugadh dá freasúrach i gcomhair toghcháin do Theach na nIonadaithe i 2002, cuireadh isteach ar fheachtas McKinney ar bhealaí eile chomh maith. D’éirigh fear, a chuir é féin i láthair mar “Phailistíneach gan stát,” cairdiúil lena hathair i rith an toghcháin. Cailleadh eochair, goideadh gutháin agus araile, ach ní raibh a fhios ag foireann McKinney cé ba chúis leis go raibh an toghchán caillte, agus chonaic siad mo dhuine ar an teilifís. Oifigeach de chuid an Léig Frith-Clúmhilleadh (ADL) a bhí ann.

Cé go gcreideann go leor daoine gur gníomhaithe ar son chearta an duine atá san ADL, ní mar a shíltear a bítear. Sa bhliain 1993, d’eisigh an tAturnae Dúiche i San Francisco 700 leathanach de dhoiciméid ag lua an ADL le spiaireacht ar 10,000 Meiriceánach agus 600 eagraíochtaí a bhí in aghaidh Apartheid san Afraic Theas agus polasaithe Iosrael sa chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil, agus an t-eolas fúthu a thabhairt do na rialtais sin. Níl ansin, áfach, ach cuid bheag den spiaireacht a dhéanann Iosrael ar Mheiriceá.

Cead a gCinn do na Feallairí

“Scratch a counterintelligence officer in the U.S. government and they’ll tell you that Israel is not a friend to the United States,” a scríobh Christopher Ketcham san iris Alternet. “This is because Israel runs one of the most aggressive and damaging espionage networks targeting the U.S.” Cén fáth nach ndéanann siad rud éigin faoi, mar sin? Mhínigh Philip Giraldi, iaroifigeach frithsceimhlitheoireachta CIA, do Ketcham, “Most of the people in the agency were very concerned about Israeli espionage and Israeli actions against U.S. interests. Everybody was aware of it. Everybody hated it. But they wouldn’t get promoted if they spoke out.”

A mhalairt atá fíor, áfach, maidir leis na daoine a dhéanann spiaireacht ar son Iosrael, ar nós Paul Wolfowitz, Richard Perle agus Douglas Feith. Faigheann siadsan na postanna is fearr i Roinn an Stáit agus sa Roinn Cosanta.

Ag an am céanna, níorbh fhéidir le Meiriceánach ionraic ar nós Charles Freeman a bheith ina chathaoirleach ar an gCoiste um Fhaisnéis Náisiúnta de dheasca brú ar an Teach Bán ó lucht Iosrael. Agus cé a chuir tús leis an bhfeachtas nimhneach i gcoinne Freeman ach Steve Rosen, a bhí ar díotáil ar spiaireacht é féin ag an am. A leithéid de chutzpah! Cheapfá go seachnódh sé aird an phobail go raibh a thriail féin thart, ach caithfidh sé go raibh a fhios aige go bhfuil slándáil Iosrael “sacrosanct” i Washington, mar a dheimhnigh Obama d’AIPAC anuraidh, cé go bhfuil slándáil Mheiriceá ar díol don dream is mó airgead, is cosúil.

Níor imigh Freeman go ciúin, áfach. Thug sé le fios gurbh é lucht Iosrael i Meiriceá a chosc é an post a fháil, agus cháin sé go géar iad i ráiteas a d’eisigh sé: “The aim of this Lobby is control of the policy process through the exercise of a veto over the appointment of people who dispute the wisdom of its views, the substitution of political correctness for analysis, and the exclusion of any and all options for decision by Americans and our government other than those that it favors.”

D’ionsaigh Abraham Foxman, stiúrthóir an ADL, ráiteas Freeman in eagarfhocal sa Jerusalem Post, mar sampla eile de na “anti-Semitic conspiracy theories” atá ar fáil ar fud an idirlín. Seo é dearcadh iontaofa an fhir atá i gceannas ar an eagraíocht atá ag spiaireacht ar na mílte Meiriceánaigh le blianta! Mar a dúirt Jeff Gates, údar Guilt By Association, leabhar a nochtann an t-éilliú Síónach ar pholaitíocht Mheiriceá, “Charges of anti-Semitism obscure treason.” Ach má fhaigheann muintir Mheiriceá amach an fhírinne maidir lena “chairde” Iosraelacha riamh, seans go bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s