Rúin ghránna chaomhnóirí an fhiadhúlra

Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Meán Fómhair 2008.

Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana aige. Tá cur amach ag beagnach gach duine ar CFD mar gheall ar a lógó so-aitheanta, an panda. Níl a fhios ag mórán daoine, áfach, faoi stair rúnda na heagraíochta cumhachtaí seo.

Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an 11 Meán Fómhair 1961 i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán The Observer inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol. Chuir Huxley an milleán go príomha ar fhorbairt dhaonna na nAfracach. Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD, ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil. Agus impireacht na Breataine ag dul i léig, bhí impireacht nua ag teacht chun cinn: impireacht an chaomhnaithe.

Faoin am seo, tá os cionn 10 faoin gcéad de dhromchla an domhain ina limistéar caomhantais. Is é sin, tá cosc ar shaothrú talaimh i bhfeidhm ar achar atá dhá oiread níos mó ná achar na hAstráile – in ainneoin go ndeirtear go bhfuil ganntanas bia i gceist i gcuid mhaith tíortha. Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Sa Tansáin, mar shampla, tá 40 faoin gcéad den tír ina limistéar caomhnaithe.

Ar ndóigh, chun a leithéid de sprioc a bhaint amach, ba ghá na mílte dúchasach a dhíshealbhú sa tír sin, agus ar fud na hAfraice. Ag trácht ar an Afraic fho-Shahárach, mhaígh an t-iriseoir Kevin Dowling go ndearnadh idir 30 agus 50 milliún duine a dhíshealbhú ansin go dtí seo de dheasca an tionscail chaomhnaithe.

Ceapadh Prionsa Bernhard na hÍsiltíre mar chéad uachtarán ar CFD sa bhliain 1961 Ghlac beirt bhall chonspóideacha de rítheaghlaigh na hEorpa páirt lárnach i bhforbairt na himpireachta nua seo. Ceapadh Prionsa Bernhard na hÍsiltíre mar chéad uachtarán ar CFD sa bhliain 1961. Sular phós sé Banríon Juliana na hÍsiltíre sa bhliain 1937, bhí an prionsa sin, arb as an nGearmáin ó dhúchas dó, ina oifigeach san SS agus ba mhinic an chonspóid sna sála aige ar feadh a shaoil. B’éigean do Bernhard eirí as a cheapachán mar uachtarán ar CFD sa bhliain 1976 nuair a nochtadh le linn éisteachta de chuid Sheanad na Stát Aontaithe gur iarr sé $1 milliún ar Lockheed ina chúiteamh sin go dtabharfaí conradh don chomhlacht aerárthaigh throdaíochta a dhíol leis an Ollainn.

Ceapadh Prionsa Philip na Breataine mar uachtarán ar CFD ina dhiaidh sin. Dála a chara Bernhard agus cheannairí eile CFD, tá dúil mhór ag Diúc Dhún Éideann i seilg ainmhithe móra – tíogair, eilifintí, agus araile; na hainmhithe sin uilig ba chóir dóibh a bheith ag caomhnú.

Club na bhfear saibhir

Ag tús na seachtóidí, d’éirigh le CFD slám mór airgid a chruinniú trí phlean ar ar tugadh The 1001: A Nature Trust. Trí $10,000 a íoc le CFD, fuair míle duine saibhir ballraíocht saoil sa chlub. Ba é an Prionsa Bernhard an ball deireanach (sin an fáth ar tugadh “1001” air).

Ba é an duine a bhí i mbun an bhallraíocht chostasach a dhíol ná Charles de Haes, ar fhostaí de chuid Rothmans International é. Cheap CFD de Haes mar chúntóir pearsanta don phrionsa. Aisteach go leor, chuir an chorparáid tobac, ar leis an Afracach Theas Anton Rupert é, airgead agus foireann ar fáil chun CFD a reáchtáil. Níb aistí fós, dhíol de Haes ballraíocht le roinnt daoine nach samhlófá choíche go mbeadh baint acu le caomhnú an fhiadhúlra.

Cé go bhfuil liosta ball Chlub 1001 rúnda, sceitear cuid de na hainmneacha ó am go chéile, agus ní haon ionadh é go bhféachtar le hé a choimeád faoi rún.

Bhí Mobuto Sese Seko – ar dheachtóir thar a bheith éilitheach é a bhí i gcumhacht sa tSáír idir 1965 agus 1993 – ina bhall, cuir i gcás. Bhí go leor daoine eile a raibh
fadhbanna móra dlíthiúla acu ina mball chomh maith – leithéidí Agha Hasan Abedi, mar shampla, a bhunaigh BCCI, banc a d’úsáid an CIA chun sciúradh a dhéanamh ar airgead a tuilleadh as díol drugaí. Mar bharr ar an donas, ní raibh iompar go leor de na baill eile thar mholadh beirte ó thaobh an chomhshaoil de, daoine ar nós Daniel Ludwig, mar shampla, ar scrios a chuid comhlachtaí lear mór d’fhoraois bháistí na hAmasóine.

Ní móide gurbh é an fiadhúlra an chloch ba mhó ar phaidrín leithéidí Mobuto, Abedi, agus Ludwig. Cén fáth, mar sin, ar thug siadsan agus na billiúnaithe eile $10,000 do CFD?

Mura bhfuil baill Chlub 1001 buartha faoi fhiadhúlra na hAfraice, is cinnte go bhfuil an-spéis acu sna hacmhainní luachmhara eile atá inti. Ar ndóigh, is úinéirí nó bainisteoirí corparáidí ola agus mianadóireachta go leor acu. Is minic a cháintear CFD as a bheith róbháúil leis na corparáidí céanna. Agus nach mór an áis do leithéidí Shell, BP, Barrick Gold, De Beers agus Rio Tinto Zinc go bhfuil an talamh luachmhar seo bánaithe de thairbhe ghníomhaíochtaí lucht an tionscail chaomhnaithe?

Is cosúil nach bhfuil ag éirí go hiontach le CFD fiadhúlra a chaomhnú ach an oiread. Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú, cogaí inar maraíodh thart ar 1.5 milliún duine. Ní raibh mórán le léamh sna nuachtáin faoin tuarascáil a scríobh an Breitheamh Kumleben ina thaobh, áfach.

Ní hamháin nach ndearna CFD rud ar bith chun stop a chur le harm na hAfraice Theas agus “the wildlife crime of the century”, mar a thug iriseoir amháin air, ach bhí baint ag an eagraíocht le gníomhaíochtaí ceilte an rialtais tháir sin.

Oibríocht rúnda

Bhí go leor de na póitseálaithe a mharaigh aonad frithphóitseála KAS Enterprises bainteach leis an ANC
Ag deireadh na n-ochtóidí, ghlac CFD páirt in oibríocht rúnda – Operation Lock – inar earcaigh an t-eagras saighdiúirí tuarastail de chuid KAS Enterprises. Ceaptar go forleathan nach raibh in KAS – ar le bunaitheoir an SAS, Sir David Stirling, é – ach scáth folaigh ar M16. Ar aon chuma, bhí KAS le traenáil a chur ar aonad frithphóitseála sna tíortha timpeall na hAfraice Theas. Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.

Níorbh aon ionadh é, b’fhéidir, agus go leor ball de chuid Chlub 1001 ina gcomhaltaí de chuid Broederbond, cumann cumhachtach san Afraic Theas a raibh sé mar aidhm acu siúd a bhí bainteach leis réimeas an chine ghil a choinneáil sa tír sin.

Ach más fíor go bhfuil cúrsaí chomh tromchúiseach sin, cén fáth nach bhfuil a fhios ag an saol mór faoi scéal fírinneach CFD? Cad chuige nach bhfuil an scéal scannalach seo scaipthe go forleathan ag na meáin? Bhuel, tá scéal rúnda CFD scríofa ag beirt iriseoirí a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, ach tabhair faoi deara céard a tharla dóibhsean.

Scríobh Raymond Bonner, ar iriseoir de chuid The New York Times é, leabhar dar teideal At the Hand of Man: Peril and Hope for Africa’s Wildlife inar nocht sé cuid mhaith rún náireach i dtaobh CFD. Tarraingíodh siar an leabhar go gairid i ndiaidh dó a bheith foilsithe sa Bhreatain sa bhliain 1993. Cibé rud a tharla do Bonner é féin, b’fhearr leis gan a bheith ag caint faoin eachtra anois.

Ba iriseoir nuachtáin agus léiritheoir teilifíse sa Bhreatain é Kevin Dowling. Is é The Secret History of the Wildlife Conservation Movement óna pheann siúd an cuntas is fearr a scríobhadh faoi CFD, ach ní raibh sé in ann an scéal a fhoilsiú sna príomh-mheáin. Agus is cosúil go bhfuil cinneadh déanta ag Dowling gan leanúint den scéal. Scríobh sé an méid seo a leanas i litir a chuir sé chugam le gairid: “I am extremely reluctant to take the matter further, in view of the damage this organisation did, not only to me, but to other journalists.”

Is léir, mar sin, go bhfuil CFD cumhachtach go leor leis an bhfírinne ghránna taobh thiar d’íomhá mhuirneach an phanda a cheilt ar an bpobal neamhamhrasach.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s