Cé hiad na fíorsceimhlitheoirí?

Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Feabhra 2008.

Is beag duine in Éirinn nó ar fud na cruinne nach bhfuil ar buile faoin sléacht a rinne Iosrael ar Gaza 2009 mhuintir Ghaza a thosaigh cúpla lá i ndiaidh Lá na Nollag 2008, nó i rith Hannukah – féile na soilse – de chuid na nGiúdach. Ach b’fhéidir go n-éireodh muintir an domhain níos feargaí fós dá mbeadh an scéal ina iomláine acu.

Ar an gcéad dul síos, níl aon bhunús leis an leithscéal a thug lucht bolscaireachta Iosrael go raibh na hionsaithe ag freagairt do na roicéid gan mhaith de dhéantús baile a scaoil Hamas ar dheisceart Iosrael – cuid den talamh a goideadh i 1948 mar chuid den glanadh eitneach inar chaill suas le 800,000 Palaistíneach a gcuid tithe agus gabháltas. Mar a thug an nuachtán Iosraelach Ha’aretz le fios ar an 31ú Mí na Nollag, 2008:

‘Sources in the defense establishment said Defense Minister Ehud Barak instructed the Israel Defense Forces to prepare for the operation over six months ago, even as Israel was beginning to negotiate a ceasefire agreement with Hamas.’

Lean Iosrael ag gabháil agus ag marú na bPalaistíneach i rith an tsosa chogaidh sin agus níor mhaolaigh siad blas an t-imshuí danartha ar an limistéar atá cosúil le campa géibhinn ina bhfuil 1.5 milliún daoine ar an ngannchuid. Agus ba é Fórsaí ‘Cosanta’ Iosrael a bhris an sos cogaidh faoi dheireadh ar an 4ú Mí na Samhna nuair a mharaigh siad seisear Palaistíneach in ionsaí ar thollán i Stráice Gaza. Ní go dtí sin, mar fhreagra ar na maraithe sin, a thosaigh Hamas ag scaoileadh roicéad arís. Mar sin féin, níor mharaigh roicéid Hamas duine ar bith in Iosrael idir sin agus an 27ú Mí na Nollag nuair a thionscain Iosrael an t-ionsaí fíochmhar a mharaigh mile trí chéad duine agus a ghortaigh go dona na mílte eile. Ach thug na hionsaithe roicéid sin an leithscéal a bhí ag teastáil ó Iosrael le fada an lá.

Marú na n-ainmhithe

Is amhlaidh go dtéann pleananna Iosrael i leith Gaza siar don tréimhse sular chuir siad deireadh leis na lonnaíochtaí a bhí ann chomh maith le harm Iosrael a aistharraingt as an Stráice i mí Lúnasa 2005. A bhuíochas do na meáin chlaonta – nó saonta, b’fhéidir – ceaptar go forleathan go ndearna rialtas Ariel Sharon an díscoir aontaobhach sin chun cabhrú le ‘próiseas na síochána.’

Fad is a bhí na meáin ag tuairisciú don domhan mór faoi na coilínigh Ghiúdacha bhochta sa Ghaza a bheith á ndíbirt ag an arm amach as a dtithe fóirdheonaithe ag cáiníocóirí Mheiriceá, bhí mise ar turas don Bhruach Thiar ag an am céanna, áit a raibh lonnaíochtaí mídhleathacha go leor eile á dtógáil ar fud na háite. Ní raibh smid faoi seo ar na scáileáin teilifíse, áfach.

Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an New York Times, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith. Priosún mór amuigh faoin aer a bhí á chruthú ag na hIosraeligh i nGaza agus bhí a fhios acu go rímhaith an toradh a bheadh ar 1.5 milliún daoine a dhingeadh i bpriosún mar seo. In agallamh leis an Jerusalem Post i 2004, d’fhógair Arnon Soffer, déimeagrafaí in Ollscoil Haifa agus comhairleoir do Sharon, amach go neamhbhalb:

“Those people will become even bigger animals than they are today, with the aid of an insane fundamentalist Islam. The pressure at the border will be awful. It’s going to be a terrible war. So, if we want to remain alive, we will have to kill and kill and kill. All day, every day.”

Is cosúil go bhfuil tús curtha ag rialtas Olmert le marú gan srian ‘na n-ainmhithe’ sin.

Seachaint na síochána

Gaza inniu Ach tá rud eile tábhachtach nach luaitear sna tuairiscí faoi Gaza. In ainneoin reitrice Iosrael faoi Hamas a bheith ina eagraíocht sceimhlitheoireachta atá ina bagairt ar shlandáil na tíre, is amhlaidh gur thug Iosrael cúnamh díreach do Hamas sna hochtóidí. In alt dar teideal ‘Hamas History Tied to Israel’ le Richard Sale, comhfhreagraí um sceimhlitheoireachta de chuid UPI (18 Meitheamh, 2002), mhínigh go leor saineolaithe cén fáth.

De réir Tony Cordesman, anailísí ar an Meánoirthear leis an Ionad um Staidéar Straitéise, bhí na hIosraeligh ag iarraidh leas a bhaint as Hamas mar frithmheáchan don Eagraíocht um Shaoirse na Palaistíne. Chuir iaroifigeach sinsir de chuid an CIA síos ar thacaíocht Iosrael le Hamas mar:

“a direct attempt to divide and dilute support for a strong, secular PLO by using a competing religious alternative.”

Dar le hiaroifigeach frithsceimhlitheoireachta de chuid Roinn an Stáit SAM Larry Johnson:

“The Israelis are like a guy who sets fire to his hair and then tries to put it out by hitting it with a hammer. They do more to incite and sustain terrorism than curb it” a dúirt sé.

Ach bhí cúis eile níos soiniciúla leis an tacaíocht a thug Iosrael do Hamas. Cheap roinnt daoine ar an eite dheis i mbunaíocht Iosrael nach mbeadh Hamas sásta páirt a ghlacadh i bpróiseas na síochána, agus go gcuirfidís deireadh leis na comhaontuithe a bhí ann leis an PLO, a dúirt oifigeach SAM nach raibh ag iarraidh a ainm a thabhairt.

Maoiniú na sceimhlitheoireachta

Ach ní hiad na hIosraeligh amháin a thug cúnamh do Hamas. Léirigh alt le John Solomon, iriseoir de chuid AP, gur chuir an FBI airgead don ghrúpa frithbheartaíochta Ioslamach sna nóchóidí. De réir an ailt dar teideal ‘FBI Sent Money to Hamas’ (7 Deireadh Fómhair, 2003):

The counterterrorism operation in 1998 and 1999 was run out of the FBI’s Phoenix office in cooperation with Israeli intelligence and was approved by Attorney General Janet Reno, FBI officials told The Associated Press.

Cuireadh na mílte dollar chuig daoine ar cheap an FBI iad a bheith báúil leis an sceimhlitheoireacht. Dar leis an FBI, bhí siad ag iarraidh lorg an airgid a leanúint tríd na heagraíochtaí sceimhlitheoireachta, ach níor ciontaíodh éinne san oibríocht rúnda sin. Mar a tharla, níor bhain Hamas feidhm as an airgead ar son na sceimhlitheoireachta, ach cuir i gcás go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta le bheith ann, an ndéarfadh rialtas SAM gur chabhraigh a chuid airgid le Hamas é a chur i gcrích?! Beag an baol. Cháinfidís na mílitigh Ioslamacha go géar as gníomh sceimhlitheoireachta uafásach eile a dhéanamh ar phobal Iosrael ‘faoi léigear.’ Agus chreidfeadh formhór na ndaoine saonta san Iarthar bréag eile gan náire de chuid na ndreamanna atá in ainm is a bheith ag troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s