Cad chuige a bhfuiltear ag cur i gcoinne Mugabe anois?

Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Lúnasa 2008.

Uachtarán na Siombáibe, Robert Mugabe Tá aird cheannairí polaitíochta an domhain dírithe ar an tSiombáib ag na meáin atá ag tuairisciú gan stad gan staonadh ar thoghchán uachtaránachta na tíre sin. Ach an féidir gurb é an easpa daonlathais i dtír Afracach éigin an chloch is mó ar phaidrín leithéidí George W Bush agus Gordon Brown?

Ar ndóigh, ní hé gurb é Robert Mugabe an t-aon cheannaire san Afraic nach bhfuil meas madra aige ar an daonlathas, ná baol air. Déanta na fírinne, is liosta le háireamh iad na deachtóirí atá ann, agus cuirtear céad fáilte roimh a bhformhór in Washington agus i Londain, mar a cuireadh roimh Mugabe tráth den saol.

Ní raibh an comhphobal idirnáisiúnta buartha faoi fhoréigean Mugabe i gcónaí ach an oiread. Sna luathochtóidí, mharaigh an rialtas thart ar 30,000 duine
i gcúige Matabeleland. Ba é an Cúigiú Briogáid in Arm na Siombáibe, a fuair traenáil ó theagascóirí míleata ón Chóiré Thuaidh, ba chiontach le ré an uafáis a rinneadh ar phobal Ndebele san áit sin. Ach is ar éigean a bhí focal faoin sléacht sna nuachtáin.

B’eisceacht shuaitheanta an t-alt a scríobh eagarthóir an Observer, Donald Trelford, a thug cuairt rúnda sa bhliain 1984 ar Matabeleland, áit a bhfuair sé go leor fianaise i dtaobh bhrúidiúlacht fhórsaí Mugabe.

Bhí rírá agus ruaille buaile ann i measc bhunaíocht na Breataine ar feadh cúpla seachtain i ndiaidh don alt a bheith foilsithe. Ní mó ná sásta a bhí úinéir an nuachtáin, Tiny Rowland.

Bhí Rowland ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Lonrho, comhlacht mianadóireachta a raibh infheistíocht mhór déanta aige sa tSiombáib ag an am sin, agus is rí-léir nach raibh sé ag iarraidh Mugabe a chur trína chéile. Ghabh Rowland leithscéal le Mugabe mar gheall ar an alt agus cháin sé an t-eagarthóir go géar os ard. Ba bheag nár chaill Trelford a phost de dheasca an fhírinne a insint faoi Mugabe
san am a raibh Uachtarán na Siombáibe mór leis an lucht gnó idirnáisiúnta.

Ní mó ná sásta a bhí Rialtas na Breataine le halt Trelford ach oiread. “The Foreign Office, more concerned about relations with Mugabe than with human rights and doubtless sensitive that Britain had provided some training for the Fifth Brigade, was briefing against me,” a scríobh Trelford roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Cairde cumhachtacha

Agus má tá Robert Mugabe á dhamnú ag na meáin le tamall anuas, tá a chéile comhraic, Morgan Tsvangirai, á léiriú faoi mar a bheadh sé ina eiseamláir den daonlathas. Ach cén fáth go bhfuil Tsvangirai ina laoch ag an gcomhphobal idirnáisiúnta faoi láthair? Cé nach gcloistear rud ar bith faoi seo sna meáin, tá cairde cumhachtacha ag Morgan.

Dhá bhliain ó shin, caitheadh Morgan Tsvangirai agus ochtar comhghleacaithe dá chuid amach as an tSaimbia tar éis freastal ar chruinniú a d’eagraigh ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Siombáibe, Christopher Dell, le hionadaithe ó Freedom House. Suimiúil go leor maíonn an tAmbasadóir Dell, a bhí ag obair sa Chosaiv sna nóchaidí, go raibh baint lárnach aige le hUachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milosevic, a chur as oifig.

Tá cuma dheas ar na focail Freedom House, ach ní hé saoirse na ndaoine ach saoirse eacnamaíoch i gcomhair infheisteoirí agus na gcorparáidí ilnáisiúnta atá i gceist ag an eagraíocht “neamhrialtasach” seo, a fhaigheann maoiniú ón amhantraí fíor-rachmasach George Soros, Rialtas Mheiriceá, agus Dearlaic Náisiúnta um Dhaonlathas (NED).

Ceann de na rudaí is tábhachtaí a dhéanann Freedom House ná go dtugann siad tacaíocht d’athrú réimis i dtír ar bith nach bhfuil geilleagar saormhargaidh ann. Déantar seo trí airgead a thabhairt d’iriseoirí, lucht na gceardchumann, agus gníomhaithe daonlathais le hagóidí a eagrú chun an rialtas a threascairt. Bhí páirt lárnach ag an eagraíocht shuaiteach seo i “réabhlóidí na ndathanna” san Iar-Aontas Sóivéadach, mar shampla.

Le tamall fada, tá ceannas gafa ar Freedom House ag nua-choimeádaigh, Donald Rumsfeld agus Paul Wolfowitz san áireamh, a bhí beirt ina n-iontaobhaithe ar an eagraíocht. Is iad seo na daoine céanna a bhí ag pleanáil an ionraidh mhídhleathaigh ar an Iaráic, ó 1998 ar aghaidh ar a laghad, chun “saoirse” agus “daonlathas” a thabhairt chun na tíre sin.

Go deimhin, is ionann cás Robert Mugabe agus Saddam Hussein ar go leor bealaí. Fuair siad lántacaíocht ó na Stáit Aontaithe agus ón mBreatain nuair a bhí an bheirt acu i mbun a gcuid sceimhlitheoireachta ba mheasa sna hochtóidí. Cúpla bliain i ndiaidh don Chúigiú Briogáid a bheith ag céasadh phobal Ndebele, thosaigh arm Hussein ag gasú na gCoirdíneach in Halabja. Agus, tríd is tríd, thug na meáin neamhaird ar an scéal a fhad is a bhí Mugabe agus Hussein ina gcomhghuaillithe leis an Iarthar. B’in an fáth nár cuireadh coir Halabja i leith Saddam ina “thriail” thar a bheith gairid. Agus ní móide go luafar coir Matabeleland ach oiread má thugtar Mugabe os comhair cúirte idirnáisiúnta choíche.

Droim láimhe

Is deacair a bheith cinnte cén fáth ar thug na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain droim láimhe le Mugabe, ach is féidir buille faoi thuairim le cinnteacht réasúnach a thabhairt.

Socraíodh neamhspleáchas na Siombáibe le Comhaontú Theach Lancaster i Londain sa bhliain 1979. Bhí ceist an talaimh ina cnámh spairne idir na páirtithe. Mar chúiteamh ar an gcoilíneachas, d’aontaigh Rialtas na Breataine cabhrú le Rialtas nua na Siombáibe an talamh a cheannach ó na feirmeoirí geala ach iad a bheith sásta é a dhíol. Ach bhí sé mar choinníoll go mbeadh ar dhaoine den chine gorm gan talamh fanacht go ceann deich mbliana i ndiaidh an neamhspleáchais le haghaidh airgead damáiste na Breataine.

Chuaigh Tony Blair siar ar an ngealltanas sin, áfach. Dar le Soni Rajan, comhairleach forbartha idirnáisiúnta a d’fhostaigh Rialtas na Breataine chun dáileadh talaimh sa tSiombáib a fhiosrú, bhí sé mar chuid den straitéis a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre muinín phobal na Siombáibe in Mugabe a laghdú. “They thought if they didn’t give him the money for land reform, his people in the rural areas would start to turn against him … They wanted him out and they were going to do whatever they could to hasten his demise,” a dúirt sé.

Ach tuige a bhfuil Rialtas na Breataine ag déanamh a sheacht ndícheall fáil réidh lena sheanchara Robert? Baineann freagra na ceiste sin go mór leis an smacht seasmhach atá ag baincéirí Chathair Londan ar pholasaí eachtrach na Breataine.

Agus is amhlaidh go bhfuil an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), a chuireann i bhfeidhm orduithe deachtaithe de chuid na mbaincéirí idirnáisiúnta, míshásta le Mugabe le roinnt blianta anuas.

Is cosúil go raibh Mugabe ag cúlú siar ó pholasaí coigeartaithe struchtúrach de chuid an CAI, polasaí a neartaigh an bochtanas sa tSiombáib, mar a rinne ar fud an Tríú Domhain.

Ach le bheith cothrom, bíonn na baincéirí flaithiúil in amanna. Le gairid, thug Rialtas na Breataine le fios go bhfaigheadh an tSiombáib billiún punt i bpacáiste cúnaimh de chuid an CAI, ach Tsvangirai a bheith ina uachtarán. Ní fhaightear mórán saor in aisce, áfach. Go háirithe ó bhaincéirí. Bheadh ar an rialtas nua “daonlathach” seo acmhainní luachmhara na tíre a phríobháidiú, is é sin, iad a dhíol thar barr amach, rud a dhéanfadh brabús mór, gan amhras, do na baincéirí agus do na corparáidí ilnáisiúnta. Ach maidir le phobal fadfhulangach na Siombáibe, tá gach seans ann go gcuirfeadh an príobháidiú lena chruatan.

Ach cibé cén fáth go bhfuil an comhphobal idirnáisiúnta agus na meáin ag damnú Robert Mugabe anois, ní móide go mbaineann sé le daonlathas a chur chun cinn sa tSiombáib.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s