An teach cearrbhachais dlíthiúil

Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Eanáir 2009.

Tá na himeachtaí ar Wall Street ó Mheán Fómhair 2008 i leith tar éis stangadh a bhaint as cuid mhaith daoine, ‘saineolaithe’ na bpríomhmheán ina measc. D’fhéadfaí é a thuar, áfach, dá mbeadh a fhios ag daoine an cineál córais airgeadais a bhí ann, agus cén chaoi ar bunaíodh é.

D’fhonn an ghéarchéim airgeadais seo a thuiscint, ní mór dúinn dul siar go 1999 agus chuig an gcinneadh polaitiúil ríthábhachtach a rinneadh ansin. Tar éis brústocaireacht dhian a rinne lucht Wall Street ar Chomhdháil na Stát Aontaithe, a lean ar feadh blianta agus arbh fhiú na milliúin dollar é, chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú leis an Acht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais ar an 12ú Mí na Samhna, 1999.

Chuir an reachtaíocht seo deireadh, go bunúsach, le rialú ar an earnáil airgeadais a bhí ann ó chuir an tUachtarán Franklin D. Roosevelt a lámh leis an Acht Glass-Steagall i 1933, mar fhreagra ar amhantraíocht neamhrialaithe de chuid lucht Wall Street. Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929.

Is amhlaidh go raibh lucht Wall Street ag iarraidh seirbhísí airgeadais a dírialú ó na hochtóidí i leith. Agus nuair a ceapadh Alan Greenspan i 1987 – fear a bhíodh roimhe sin ina stiúrthóir le banc J.P. Morgan – ina chathaoirleach ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach (banc ceannais nach bhfuil feidearálach ach príobháideach), ghríosaigh sé an Chomhdháil chun Glass-Steagall a aisghairm.

Maraon lena chairde ar Wall Street, bhí ríméad ar Greenspan nuair a chuir rialtas Clinton deireadh leis an maoirseacht bheag a bhí orthu go dtí sin, agus mhol sé é mar ‘réabhlóid in airgeadas.’ D’éascaigh aisghairm Glass-Steagall áfach, an réabhlóid urraithe is cúis leis an bpraiseach ina bhfuil cúrsaí airgeadais faoi láthair.

An Poll Dubh

Bhí díorthaigh mar chroílár ag an réabhlóid urraithe seo. Is é an sainmhiniú a thugann Foclóir Fiontair ar ‘díorthach’, ná “ionstraim airgeadais a luacháiltear de réir gluaiseachtaí ionchais praghais bunsócmhainne, ar féidir gur tráchtearraí, airgeadra nó urrús í.” Ach i mbeagán focal, níl ann i ndairíre ach gealltóireacht ar an stocmhargadh. Agus is é an ghealltóireacht seo ba chúis le teip institiúdí móra airgeadais ar nós Fannie Mae, Freddie Mac agus Lehman Brothers, chomh maith le AIG, a chuir an cearrbhachas seo ar Wall Street faoi árachas.

Ach d’fhéadfadh cúrsaí dul in olcas ar fad fós. Mar a mhíníonn Ellen Brown ina halt “Bailout Bedlam” (Global Research, 2 Deireadh Fómhair, 2008), “The imploding derivatives bubble is a giant black hole that could suck all the productive assets of the nation into banking coffers.” De réir Brown, tá neamhchosaint ar dhíorthaigh thart ar $180 trilliún ag na bancanna sna SAM. Tá an figiúr ábhalmhór sin cothrom le trí oiread olltáirgeacht intíre na dtíortha ar domhan go léir – is é sin, mar a thug Brown air, “an impossible to fill black hole.”

Ina dhiaidh sin is uile, rinne rialtas SAM iarracht an poll dubh a líonadh le hairgead na gcáiníocóirí. Ach ní líonfar gach poll, is cosúil. D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers. Ach cad chuige an difríocht eatarthu?

Seans go raibh baint ag cinneadh Paulson leis an gcruinniú ag an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Nua Eabhrach thart ar an am sin idir é féin agus Lloyd Blankfein, caothaoirleach Goldman Sachs. Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht!

Coimhlint Leasa

Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W. Bush. Dúradh go raibh doras imrothlach idir Goldman Sachs agus an Teach Bán de chuid Bush.

Agus tá daoine ann a chreideann gur lean Paulson ag freastal ar a sheanchomhlacht agus é ag obair sa rialtas.
“The actions of Treasury Secretary Paulson since the first outbreak of the Financial Tsunami in August of 2007 have been directed with one apparent guiding aim – to save the obscene gains of his Wall Street and banking cronies,” a scríobh William Engdahl (Global Research, 30 Meán Fómhair, 2008).

Is cosúil go bhfaighidh an Státchiste an t-airgead – $800 billiún ar a laghad – i gcomhair plean Paulson ar iasacht ón mBanc Cúlchiste Feidearálach, a bhfuil a scairshealbhóirí go léir ina mbancanna príobháideacha. Dá bhrí sin, beidh cáiníocóirí Mheiriceá ag íoc úis do na bancanna leis na bancanna a tharrtháil mar gheall ar a gcuid cearrbhachais!

Ní haon ionadh é gur chuir William Engdahl síos air mar “the most brazen financial swindle in the scandal-ridden American finance history.”

Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche

Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú. Dar le Michel Chossudovsky, Ollamh le hEacnamaíocht in Ollscoil Ottawa agus eagarthóir Global Research, “The proposed bank ‘bailout’ under the so-called Troubled Asset Relief Program (TARP) is not a ‘solution’ to the crisis but the ‘cause’ of further collapse.”

Ina alt “The Great Depression of the 21st Century,” taispeánann Chossudovsky gurb iad, fiach poiblí gan srian agus lárúchán gan fasach na cumhachta bainc, an toradh a bheidh ar phlean Paulson. Ansin, dar leis, ceannóidh na hairgeadaithe go saor, leis an airgead a fuair siad ó cháiníocóirí, corparáidí a bhfuil a luacháil stoic íslithe, cuid acu mar gheall ar amhantraíocht na n-airgeadaithe céanna.

Más fíor do Chossudovsky, is cosúil go mbeidh an cearrbhachas de chuid lucht Wall Street thar a bheith brabúsach. Go háirithe nuair atá smacht acu ar an rialtas, ní thig leo cailliúint.

Pámháistrí Obama

An mbeidh rialtas Barack Obama níos fearr? Ní móide go mbeidh. Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois. “Those who set the financial system ablaze in 1999, have been called back to turn out the fire,” mar a chuir Chossudovsky é.

Thairis sin, bhí Goldman Sachs, J. P. Morgan Chase, agus Citigroup i measc na ranníocóirí ba mhó d’fheachtas Obama. Cé go ndúirt sé i rith an toghcháin “we cannot have a thriving Wall Street while Main Street suffers,” is cosúil go bhfuil lucht Wall Street ag déanamh go hiontach a fhad is atá an gnáthdhuine ag fulaingt. Tá rogha soiléir ag an gcéad uachtarán eile: freastal ar leitheidí Goldman Sachs nó freastal ar phobal Mheiriceá. Ach ní féidir leis an dá thrá a fhreastal.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s