An Fhírinne Shearbh

“Bagairt” na Cóiré Thuaidh
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo! Lúnasa, 2009.

“The whole aim of practical politics is to keep the populace alarmed (and hence clamorous to be led to safety) by menacing it with an endless series of hobgoblins, all of them imaginary.”

Dá mbeadh H.L. Mencken, an scríbhneoir mór aorach Meiriceánach, thart sa lá inniu, is cinnte go mbainfeadh sé an-ghreann as an tslí a bhaineann polaiteoirí Mheiriceá leas go seanbhlastúil as “hobgoblins” ar nós Muammar al-Gaddafi, Osama bin Laden, Saddam Hussein agus Mahmoud Ahmedinejad leis an bpobal a choinneáil scanraithe ar mhaithe leis an tionscal ollmhór míleata Meiriceánach agus leis an stát Iosraelach. Ach ar fhaitíos go gceapfadh éinne gur Arabaigh agus Ioslamaigh amháin a d’fhéadfadh a bheith ina “mbagairt” do na Stáit Aontaithe, is maith an rud é go bhfuil leithéidí Kim Jong-Il, “Doctúir an Oilc” é féin, ann. Ní fhéadfadh aon bhaint a bheith ag “bagairt” na Cóiré Thuaidh le hIosrael, nó an bhféadfadh?

Ar an 29 Eanair, 2002, thagair George W. Bush do “Ais an Oilc” don chéad uair. Luaigh sé an Iaráic, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh mar stáit a bhí ag tacú le sceimhlitheoireacht agus a bhí ag lorg airm ollscriosúla. Ach tháinig sé amach ina dhiaidh sin gurb é an duine a chum an téarma seafóideach gríosaitheach sin ná David Frum, scríbhneoir aithisc Bush.

Giúdach Ceanadach is ea Frum a chreideann gur le hIosrael an Bruach Thiar. Mhaígh Frum ina leabhar The Right Man: The Surprise Presidency of George W. Bush gur bhain sé feidhm as an bhfocal “ais” mar cheap sé go raibh go leor cosúlachtaí idir Cumhachtaí na hAise — an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeapáin — sa Dara Cogadh Domhanda agus “sceimhlitheoirí” an lae inniu, an Iaráin agus Hezbollah ina measc. Is cosúil gurb ionann “sceimhlitheoir” agus namhaid Iosrael in aigne Frum, agus is cosúil go bhfuil sé ag iarraidh namhaid Iosrael a chur i gcomórtas leis na Naitsithe.

Lean Frum leis an tagairt do na Naitsithe i leabhar a scríobh sé le Richard Perle i 2003 leis an teideal áiféiseach, An End to Evil: How to Win the War on Terror. “There is no middle way for Americans: It is victory or holocaust,” a deir an bheirt a bhfuil baint mhór acu leis an eite dheis Iosraelach. Dar leis an mbeirt nuachoimeádach, caithfidh SAM an tSiria, an Libia, an Iaráin agus tíortha eile nach iad sa Mheánoirthear a ionsaí, agus é a dhéanamh gan mhoill, nó beidh an lá le Osama bin Laden agus leis na sceimhlitheoirí Ioslamacha. Muna mbeadh an Chóiré Thuaidh luaite acu, bheadh sé an-deacair a shéanadh gur ar mhaithe le hIosrael atá Meiriceánaigh ag troid “an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta.”

Tabhair an chluais bhodhar do chomhairle amadáin

Maidir leis an gCóiré Thuaidh, molann Frum agus Perle go dtabharfaidh SAM foláireamh deiridh dóibh. Muna mbíonn siad sásta deireadh a chur lena n-ionaid eithneacha agus diúracán, ba chóir do SAM iad a ionsaí. Ach tuigeann éinne a bhfuil cur amach aige ar an gCóiré Thuaidh nach ngéillfidh an rialtas sin do bhagairtí go deo. Ní ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach ní móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.

D’fhógair Bush Straitéis Náisiúnta um Shlándáil SAM i Meán Fomhair, 2002. Thug Charles Krauthammer, colúnaí nuachoimeádach, “dúnghaois Bush” ar an bpolasaí maidir le réamhionsaí a dhéanamh ar aon tír a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt do SAM ag an am nó amach anseo. Ach dar le Philip Shenon, iriseoir leis an New York Times, ba é Philip Zelikow, nuachoimeádach eile i rialtas Bush a bheadh i gceannas ar an gCoimisiún 9/11 níos déanaí, a scríobh an dúnghaois as ar tháinig an t-ionsaí mídhleathach ar an Iaráic.

Mar thoradh ar an gcur chuige coimhlinteach a thóg Washington le Pyongyang, go háirithe i ndiaidh ionsaí SAM ar an Iaráic i 2003, níorbh aon ionadh é gur thug na Cóiréigh faoi bhuama eithneach a fhorbairt arís. Scríobh Bruce Cumings, saineolaí ar an gCóiré Thuaidh, i 2004 dá n-éireodh leis an gCóiré Thuaidh an buama a fháil go bhféachfaí air mar “buama Bush.” Ach b’fhéidir gur cruinne “buama na nuachoimeádach” a thabhairt air.

Seachain an fear díolacháin

In agallamh ar theilifís Astrálach i mí Lúnasa, 2001, mí roimh 9/11, dúirt Richard Perle, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord Polasaí um Chosaint ag an am, go raibh SAM buartha faoi trí thír: na tíortha céanna a d’ainmnigh Bush mar “ais an oilc” bliain ina dhiaidh sin. Mar gheall ar an mbagairt seo, ba chóir do SAM córas cosanta ar dhiúracán a fhorbairt, dar le Perle, a bhfuil baint mhór aige leis an tionscal míleata i SAM agus san Iosrael.

Agus nuair a scaoil an Chóiré Thuaidh cúpla diúracán i mí Iúil, 2006, d’inis Bush d’iriseoirí, “the fact that a nontransparent society would be willing to tee up a rocket and fire it without identifying where it’s going or what was on it means we need a ballistic missile system.” Is cinnte gur thaitin focail Bush (ach ní móide gur chum sé féin iad) go mór le Perle agus a chairde sa tionscal ‘cosanta’, mar a thugtar air. Thuig iriseoir amháin an leas a rinne Kim Jong-Il do leithéidí Boeing, Lockheed Martin, Raytheon agus Northrup Grumman leis an ngníomh gríosaitheach sin. Dar le Pierre Tristam: “North Korea can be a running advocacy campaign for Bush’s version of Star Wars—his ‘missile defense’ initiative currently devouring $10 billion a year.”

Is mór an leas a bhaineann Iosrael as géarchéim mar seo chomh maith. In Aibreán na bliana seo sheol an Chóiré Thuaidh diúracán in airde spéire a d’fhéadfadh Hawaii a shroicheadh. Mí go leith ina dhiaidh sin, d’fhógair Pyongyang gur thástáil siad buama eithneach. Agus Tel Aviv ag iarraidh ar Washington brú a chur ar an Iaráin deireadh a chur lena clár eithneach, rinne na hIosraeligh agus a lucht tacaíochta i Meiriceá comhcheangal idir “bagairt” na Cóiré Thuaidh ar SAM agus “bagairt” na hIaráine ar Iosrael.

Sa saol dáiríre, áfach, is iad SAM — leis na mílte diúracáin núicleacha atá aici — agus Iosrael — leis na céadta atá aici — atá ag bagairt ar mhuintir na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine. Ach mar sin féin, is iomaí duine a chreideann in “hobgoblins,” faraor.

Meon Chicago i réim i mBaile Átha Cliath
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Iúil 2009.

Buartha faoin ngéarchéim gheilleagair? I d’intinn atá sé sin ar fad, a deir príomhshaineolaí airgeadais.

Agus sin í an fhadbh, dar le Jeff Gates, údar Democracy at Risk: Rescuing Main Street from Wall Street, agus The Ownership Solution: Toward a Shared Capitalism for the 21st Century, leabhar ar ar thug léirmheastóir amháin “the best book on economics for a generation,” agus ar mhol Ralph Nader mar “a Capitalist Manifesto, a blueprint for spreading the benefits of capitalism more equitably.”

Is é foinse na géarchéime geilleagraí ná ‘comhdhearcadh’ a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag.

Cé gur bhain na himeachtaí ar Wall Street ó Mheán Fómhair 2008 i leith stangadh as cuid mhaith daoine — na mílte Éireannach a chaill a gcuid postanna ó shin ina measc — d’fhéadfadh ‘lucht sofaisticiúil an airgeadais’ é sin a thuar gan stró, a áitíonn Gates.

I measc ‘lucht sofaisticiúil an airgeadais,’ luann Gates leithéidí Robert Rubin, Larry Summers (príomhchomhairleoir eacnamaíochta do Barack Obama anois) agus Alan Greenspan a raibh baint mhór acu leis ‘na hollmhargaidh airgeadais’ ar nós Goldman Sachs agus Citigroup a d’éascaigh siad lena ‘leasuithe,’ agus iad in ainm is a bheith ag obair ar son mhuintir Mheiriceá.

Agus nuair a chlis ar an margadh dírialáilte a bhí curtha ar bun acu, b’éigean don cháiníocóir teacht i gcabhair ar an dream a rinne go han-mhaith as le blianta. Mar a chuireann Gates é, “The gains were theirs; the losses ours.”

Airgead, airgead, airgead

Ach an bhfuil aon fhianaise ann gur calaois é a rinneadh d’aon ghnó?

“The purpose of a system is what it does,” a fhreagraíonn Gates, agus é ag tagairt don acrainm, POSIWID, téarma atá ag anailísithe córas le fabhtanna sistéamacha a aithint.

‘An tsamhail Chicago’ is ea is chúis leis an bhfaopach ina bhfuil an geilleagar faoi láthair, dar leis. Le leathchéad bliain anuas, d’éirigh le dearcadh bhunúsachas an mhargaidh seo as Ollscoil Chicago a bheith ina chomhdhearcadh na coitiantachta ‘Washington.’ Agus é mar phrionsabal treorach na hEagraíochta Domhanda Trádála, tá an tsamhail seo á dhomhandú anois.

Le cruinneshamhail ‘na samhla Chicago’ a mhíniú, deir Gates go

n-oibríonn sé ar an mbonn seo: “maximize financial returns and — trust us — all else will be fine.” Muinín sa dearcadh sin is chúis le torthaí an lae inniu, deir sé.

Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.

D’fhéadfaí a thuar go dtarlódh móriarmhairtí dochracha de thoradh na béime seo ar airgead, dar leis: “The results of this purpose-driven ‘operating system’ were guaranteed to concentrate wealth and income and thereby undermine both democracies and markets. By equating personal freedom with financial freedom, we were induced to freely embrace the very forces that now jeopardize freedom.”

Dallamullóg

Cé a chuir ina luí orainn ár muinín a chur i gcóras nach bhfuil lenár leas? An dream céanna a chuir ina luí ar Mheiriceánaigh gur bagairt mhór a bhí i Saddam Hussein, nó “the people in between” mar a thugann Jeff Gates orthu ina leabhar nua, Guilt By Association: How Deceit and Self-Deception Took America to War.

Is éard atá i gceist leis “the people in between” ná ‘na daoine idir sinn agus na firicí.’ Míníonn Gates: “All flows downstream from a ‘consensus’ perspective –regardless whether the deception is a shared belief in Iraqi weapons of mass destruction or a consensus faith in the infallibility of unfettered financial markets. The modus operandi is identical — the displacement of facts with beliefs.”

B’fhéidir gur comhtharlú é, ach téann fréamhacha ‘intleachtacha’ na nuachoimeádach siar go Chicago chomh maith, áit a raibh Richard Perle agus Paul Wolfowitz i measc an chaidre de mhic léinn a bhí ag an Ollamh Albert Wohlstetter in Ollscoil Chicago. Bhí Wohlstetter féin ina mhac léinn ag Ollamh Chicago eile, Leo Strauss, ar a dtugtar ‘seanóir intleachtach’ na nuachoimeádach. Suntasach go leor, mhol Strauss fealsúnacht ina gcuireann éilít dallamullóg ar an bpobal.

Beirt atá ina n-eiseamláirí de ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ ná Paul Wolfowitz agus, a chomharba mar Uachtarán an Bhainc Dhomhanda, Robert Zoellick. Shínigh Wolfowitz agus Zoellick an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua i 1998, a mhol Hussein a threascairt agus na tíortha Ioslamacha eile sa Mheánoirthear a dhíchobhsú. Thug  9/11 an deis a bhí ó lucht Iosrael i SAM ionradh a éileamh ar an Iaráic, i ndiaidh gur chuir siad dallamullóg ar mhuintir Mheiriceá maidir leis ‘na  hairm ollscriosúla’ nárbh ann dóibh. Gheall Wolfowitz go gcuirfeadh muintir na hIaráice fáilte mhór roimh shaighdiúirí SAM, fiú.

Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairt ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoin ‘Chicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.

Comhairle Fhíorchostasach

Os rud é nach n-aithníonn siad cúis na faidhbe, déanfaidh freagairt rialtas na hÉireann don ghéarchéim gheilleagair cúrsaí níos measa, a deir Gates. Is beag an difear, dar leis, idir na freagairtí don ghéarchéim i mBaile Átha Cliath agus i Washington.

“Same pig; different lipstick,” a deir sé agus é ag tagairt don tuarascáil dar teideal A Pathway to Recovery and Renewal for the Irish Economy, a d’ullmhaigh Ronald Greenspan don Taoiseach Brian Cowen i Márta na bliana seo. Saineolaí athchóirithe iomráiteach, a thugann a chomhlacht féin, FTI Consulting, ar Greenspan.

Ach, de réir Gates, tagann Greenspan as líonra domhanda de chomhairleoirí beartais atá ar aon intinn. Molann an dream seo fadhb shistéamach a réiteach gan dul i ngleic leis an bhfadhb bhunúsach: an meon Chicagóch.

Agus mar bharr ar an donas, dar le Gates, “…those who follow this traditional ‘Chicago’ advice are unleashing long-term financial forces destined to make a bad situation worse — at a staggering cost.”

Mar sin, céard atá i ndán dúinn? Tuarann Gates: “Both nations can anticipate stagnation and inflation while ‘the people in between’ continue to amass more assets (at distressed prices) and collect more interest on more taxpayer-secured debt. The pace is poised to quicken in this policy-enabled redistribution of wealth — from the bottom to the top.”

An nglacfaidh muintir na hÉireann le bheith ina mbochtáin arís? Nó an éireoidh siad amach uair amháin eile — má fhaigheann siad amach gur cuireadh dallamullóg orthu? Sin í an cheist mhór.

Is cinnte, áfach, go mb’fhearr leis ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ nár chuala tú iomrá ar Jeff Gates riamh, ionas nach gcuirfí isteach ar mheon Chicago.

An bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire?
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo,  Meitheamh, 2009.

Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo. Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh.

Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 19 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington. Fuair an bheirt, Steve Rosen agus Keith Weissman, na doiciméid i dtaobh na hIaráine ó Larry Franklin, anailísí sinsearach sa Pheinteagán. Phleadáil Franklin, a bhí ag obair in oifig Douglas Feith as ar tháinig an fhaisnéis bhréige i dtaobh na hIaráice, ciontach do spiaireacht i 2005. Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.

Mar luach saothair i leith seirbhíse Harman, gheall an gníomhaire Iosraelach go gcuirfeadh sé brú ar Nancy Pelosi, ceannaire an Phairtí i dTeach na nIonadaithe, Harman a ainmniú mar chathaoirleach ar Choiste an Tí um Fhaisnéis. Ba é deonachán polaitiúla de chuid Haim Saban, toicí Iosraelach na meán cumarsáide, a bhí i gceist aige a tharraingt siar mura ndéanfadh Pelosi amhlaidh.

Bagairt nach beag a bhí ann mar thug Saban, a rugadh san Eigipt, os cionn $12 milliúin don Pháirtí Daonlathach in aon bhliain amháin. Sa bhliain 2001-2002, ba é Saban an bronntóir maoinithe ba mhó a bhí ag na Daonlathaigh, nuair a bhí cinnireacht an pháirtithe ag tacú le hionradh ar an Iaráic. B’é Saddam Hussein an chloch ba mhó ar phaidrín Saban ag an am. Ba chuma sa sioc leis faoi pholasaithe eile na nDaonlathach. Mar a dúirt sé leis an New York Times uair amháin: “I’m a one-issue guy and my issue is Israel.”

Mar a tharla, cuireadh fios ar Pelosi mar gheall ar an gcomhrá idir Harman agus an gníomhaire Iosraelach, agus ní bhfuair Harman an post tábhachtach ó thaobh slándála de. Ach níor cuireadh aon phíonós uirthi ach an oiread, cé gur cosúil gur ardtréas a bhí i gceist. Mar sin féin, ar éigean gur chualathas gíog ná míog as na meáin. Cuir i gcás, áfach, an rí-rá agus ruaille buaille a bheadh ann dá mbeadh ‘namhad’ ar nós na hIaráine i gceist.

Polaiteoirí ar Díol

Cad chuige a bhfuil lucht Iosrael in ann beagnach a rogha rud a dhéanamh i Washington? Is é freagra gearr na ceiste sin ná ‘airgead.’ Faigheann an Páirtí Daonlathach beagnach 60 faoin gcéad (35 faoin gcéad i gcás na  bPoblachtánach) dá chuid airgead ó Ghiúdaigh atá dígeanta ina dtacaíocht don eite dheis san Iosrael. Cé gur mionlach beag iad – thart ar aon trian den phobal Giúdach i Meiriceá  – i measc mionlaigh 1.7 faoin gcéad den phobal Meiriceánach go léir, is féidir leo deireadh a chur le saol polaitíochta aon duine nach dtugann tacaíocht neamhchriticiúil d’Iosrael.

I measc na polaiteoirí a chaill a suíocháin mar gheall ar airgead na Síónach, tá Pete McCloskey (ar cuireadh focail ina bhéal), Charles Percy, Paul Findley, Earl Hilliard agus Cynthia McKinney. Is rabhadh ar tharla dóibh siúd d’aon pholaiteoir gan teacht salach ar an mbrúghrúpa cumhachtach ar son Iosrael.

Dúirt Cynthia McKinney, iarrthóir an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta i 2008, in agallamh ar na mallaibh nach raibh ach triúr nó ceathrar, nó cúigear b’fhéidir, as 535 ball i gComhdháil SAM a bhíonn sé de mhisneach acu vótáil in aghaidh Iosrael. “Aon faoin gcéad?” a d’fhiafraigh an t-agallóir suaite di. “Má bhíonn an t-ádh leat,” a d’fhreagair sí.

Anuas ar an airgead a tugadh dá freasúrach i gcomhair toghcháin do Theach na nIonadaithe i 2002, cuireadh isteach ar fheachtas McKinney ar bhealaí eile chomh maith. D’éirigh fear, a chuir é féin i láthair mar “Phailistíneach gan stát,” cairdiúil lena hathair i rith an toghcháin. Cailleadh eochair, goideadh gutháin agus araile,  ach ní raibh a fhios ag foireann McKinney cé ba chúis leis go raibh an toghchán caillte, agus chonaic siad mo dhuine ar an teilifís. Oifigeach de chuid an Léig Frith-Clúmhilleadh (ADL) a bhí ann.

Cé go gcreideann go leor daoine gur gníomhaithe ar son chearta an duine atá san ADL, ní mar a shíltear a bítear. Sa bhliain 1993, d’eisigh an tAturnae Dúiche i San Francisco 700 leathanach de dhoiciméid ag lua an ADL le spiaireacht ar 10,000 Meiriceánach agus 600 eagraíochtaí a bhí in aghaidh Apartheid san Afraic Theas agus polasaithe Iosrael sa chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil, agus an t-eolas fúthu a thabhairt do na rialtais sin. Níl ansin, áfach, ach cuid bheag den spiaireacht a dhéanann Iosrael ar Mheiriceá.

Cead a gCinn do na Feallairí

“Scratch a counterintelligence officer in the U.S. government and they’ll tell you that Israel is not a friend to the United States,” a scríobh Christopher Ketcham san iris Alternet. “This is because Israel runs one of the most aggressive and damaging espionage networks targeting the U.S.” Cén fáth nach ndéanann siad rud éigin faoi, mar sin? Mhínigh Philip Giraldi, iaroifigeach frithsceimhlitheoireachta CIA, do Ketcham, “Most of the people in the agency were very concerned about Israeli espionage and Israeli actions against U.S. interests. Everybody was aware of it. Everybody hated it. But they wouldn’t get promoted if they spoke out.”

A mhalairt atá fíor, áfach, maidir leis na daoine a dhéanann spiaireacht ar son Iosrael, ar nós Paul Wolfowitz, Richard Perle agus Douglas Feith. Faigheann siadsan na postanna is fearr i Roinn an Stáit agus sa Roinn Cosanta.

Ag an am céanna, níorbh fhéidir le Meiriceánach ionraic ar nós Charles Freeman a bheith ina chathaoirleach ar an gCoiste um Fhaisnéis Náisiúnta de dheasca brú ar an Teach Bán ó lucht  Iosrael. Agus cé a chuir tús leis an bhfeachtas nimhneach i gcoinne Freeman ach Steve Rosen, a bhí ar díotáil ar spiaireacht é féin ag an am. A leithéid de chutzpah! Cheapfá go seachnódh sé aird an phobail go raibh a thriail féin thart, ach caithfidh sé go raibh a fhios aige go bhfuil slándáil Iosrael “sacrosanct” i Washington, mar a dheimhnigh Obama d’AIPAC anuraidh, cé go bhfuil slándáil Mheiriceá ar díol don dream is mó airgead, is cosúil.

Níor imigh Freeman go ciúin, áfach. Thug sé le fios gurbh é lucht Iosrael i Meiriceá a chosc é an post a fháil, agus cháin sé go géar iad i ráiteas a d’eisigh sé: “The aim of this Lobby is control of the policy process through the exercise of a veto over the appointment of people who dispute the wisdom of its views, the substitution of political correctness for analysis, and the exclusion of any and all options for decision by Americans and our government other than those that it favors.”

D’ionsaigh Abraham Foxman, stiúrthóir an ADL, ráiteas Freeman in eagarfhocal sa Jerusalem Post, mar sampla eile de na “anti-Semitic conspiracy theories” atá ar fáil ar fud an idirlín. Seo é dearcadh iontaofa an fhir atá i gceannas ar an eagraíocht atá ag spiaireacht ar na mílte Meiriceánaigh le blianta! Mar a dúirt Jeff Gates, údar Guilt By Association, leabhar a nochtann an t-éilliú Síónach ar pholaitíocht Mheiriceá, “Charges of anti-Semitism obscure treason.” Ach má fhaigheann muintir Mheiriceá amach an fhírinne maidir lena “chairde” Iosraelacha riamh, seans go bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire.

An Stát Coiriúil
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Aibreán 2009.

Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne ‘namhad’ mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é. Léiríonn údar oirirc Meiriceánach i leabhar nua spleodrach an chaimiléireacht atá ag ciapadh na Stát Aontaithe le fada an lá, dar leis.

Ní scéal scéil ar an gcaimiléireacht i Washington atá ag Jeff Gates ina leabhar Guilt By Association a foilsíodh anuraidh. Chomh maith le comhairle ar pholasaí airgeadais a thabhairt do chúig thír déag is fiche, bhí Gates ina abhcóide don Choiste Airgeadais de chuid Sheanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987. Lena chois sin, is údar é a bhfuil meas air cheana mar gheall ar dhá leabhar eile dá chuid, The Ownership Solution agus Democracy at Risk.

Is é ‘How deception and self-deceit took America to war’ fotheidil a leabhair nua, agus míníonn Gates sa chéad chaibidil an chaoi ar baineadh leas as teoiric an imeartais le Meiriceá a thabhairt chun cogaidh sa Mheánoirthear ar leas Iosrael, tír atá ar thús cadhnaíochta i bhforbairt an bhrainse sin den mhatamaitic. D’fhéadfadh agent provocateur a bheith ag súil go mbainfeadh Meiriceá díoltas míleata amach ar ionsaithe 9/11, dar le Gates:

“With fixed intelligence, that attack could be redirected to wage a long-planned war in Iraq – not for U.S. interests but on behalf of Greater Israel.”

Ar ndóigh, b’éigean do lucht tacaíochta Iosrael intinn na Meiriceánach a ullmhú i bhfad roimh 9/11. Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh. Is é Chalabi an bréagadóir cruthanta a chuireadh Judith Miller, tuairsceoir leis an New York Times, a chuid faisnéise mímhacánta faoin Iaráic i láthair mar nuacht go rialta.

Ceithre lá i ndiaidh 9/11, bhí lucht an chogaidh nuachoimeádaigh chomh siúráilte go raibh muintir Mheiriceá ullmhaithe gur mhol Leas-Rúnaí Cosanta Paul Wolfowitz gur chóir d’arm SAM ionsaí a dhéanamh ar thír nach raibh baint dá laghad leis na hionsaithe sin. Mar is eol do chách anois, ní raibh ‘airm ollscriosúla’ ag Saddam Hussein ach oiread. Ach mar a deir Gates faoin Síónachas seo:

“At the core of its duplicity lies an oft-deployed modus operandi: the displacement of facts with what people can be deceived to believe.”

An tSindeacáit Shíónach

Leanann Gates lorg na caimiléireachta Síónaí siar go dtí na 1920í, san am a raibh cosc ar dheoch mheisciúil sna Stáit Aontaithe. Deis mhór a bhí ann cnap airgid a dhéanamh don dream nár mhiste leo an dlí a bhriseadh. Ba iad muintir Bronfman (atá i gceannas ar an gComhdháil Ghiúdach Dhomhanda) i gCeanada, ar leo Seagram & Sons, ba mhó a rinne go maith as an smugláil alcóil i bpáirtíocht leis an mbithiúnach Giúdach míchlúiteach Meyer Lansky.

Fear eile a rinne go maith as an gcoiriúlacht sin ná Kemper Marley a bhí i gceannas ar shindeacáit Bronfman-Lansky i stát Arizona. Nuair a cuireadh deireadh le ‘Prohibition’ i 1933, bhí Marley ar na dáileoirí Anheuser-Busch ba mhó sa tír. Ceaptar gur fhág sé an gnó tairbheach sin mar bhuíochas do James Hensley a fuair breith sé mhí a cuireadh ar fionraí i 1948, in ionad Marley é féin, maidir le dlí feidearálach alcóil a bhriseadh. Nuair a fuair Hensley bás i 2000, tháinig a iníon, Cindy, i gcomharbacht air. Bean chéile John McCain a bhí inti.

Ní hí muintir bhean chéile McCain amháin a bhfuil stair amhrasach aige nach eol do mhórán Meiriceánach. Bhí baint mhór ag athair an tseanadóra i bhforcheilt ar cheann de na heachtraí ba scanrúla i stair mhíleata SAM. Maraíodh 34 agus gortaíodh 174 mairnéalach Meiriceánach nuair a d’ionsaigh Iosrael an long USS Liberty ar an 8 Meitheamh, 1967. Ní fhéadfaí é a cheilt dá uireasa Admiral John S. McCain, de réir Gates:

“Even before the court convened, Admiral McCain framed the findings to support Tel Aviv’s claim that, in the fog of war, its forces mistook a sophisticated U.S. Navy intelligence vessel for a dilapidated Egyptian freighter.”

Lean John McCain lorg fealltach a athar nuair a mhol sé The Liberty Incident, leabhar le Jay Cristol a foilsíodh i 2002 a thacaigh le leithscéal ar leathmhaig na n-Iosraelach. Ach ní raibh Admiral Issac Kidd, a bhí ina uachtarán ar chúirt fhiosrúcháin faoin ionsaí, chomh muiníneach as an údar sin. Gníomhaire Iosraelach atá i gCristol, dar leis.

Agus níorbh é sin an t-aon uair ar chosain John McCain coireanna Iosraelacha. Cé gur chuala beagnach gach duine iomrá ar ‘Olagarcaigh na Rúise,’ ní heol do mhórán daoine go bhfuil clóichead, nó pas, Iosraelach ag beagnach gach duine díobh. Nuair a bhí easpa airgid ar rialtas Boris Yeltsin i lár na nóchaidí, mhol foireann comhairleoirí ó Ollscoil Harvard, a cuireadh ann ag Fo-Rúnaí Chiste an Stáit SAM Lawrence Summers, do na Rúisigh iasachtaí a fháil ó bhainc de chuid na n-olagarcach. Glacadh le scaireanna i gcomhlachtaí ola stáit mar chomhthaobhacht. Nuair a loiceadh ar na hiasachtaí, díoladh na scaireanna ar luach lascaine do na holagarcaigh céanna i gceantanna rigeáilte. Mheas Mikhail Gorbachev gur ghoid na holagarcaigh $1 trilliún ón stát Rúiseach sa ‘príobháideachas’ seo – nó ‘mafia-áideachas’ mar a thugann na Rúisigh air.

Nuair a chuir Vladimir Putin deireadh le creachadóireacht na n-olagarcach, cháin John McCain gníomhartha Putin mar “a creeping coup against the forces of democracy and market capitalism.” Thug McCain “cime polaitiúil“ ar Mikhail Khodorkovsky a cuireadh i bpriosún as caimiléireacht agus as imghabháil cánach, tar éis $30 mbilliún de shaibhreas na tíre a bheith crúcáilte chuige féin agus é gan ach 32 bliain d’aois. Mar a chuir Gates é, caithfidh sé go raibh McCain “aineolach faoi – nó comhpháirteach i – gcoirpeacht eagraithe na Rúise.”

An Frith-Sheimiteachas Nua

Tuigeann Gates go maith go gcuirfear ‘frith-Sheimiteachas’ ina leith mar gheall ar a leabhar nua, mar a tharlaíonn d’éinne a labhraíonn amach faoi choireanna Síónacha. Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh. Thug stiúrthóir an ADL, Abraham Foxman, “frith-Sheimiteach” ar iar-Uachtarán SAM Jimmy Carter nuair a foilsíodh a leabhar, Palestine: Peace Not Apartheid, i 2006, cé go ndearna Carter go leor le síocháin a thabhairt d’Iosrael agus é sa Teach Bán. Fear eile a chuireann na póilíní smaointeoireachta Síónacha ar mire ná an tOllamh Norman Finkelstein, Giúdach agus údar frith-Shíónach The Holocaust Industry agus Beyond Chutzpah: The Misuse of Anti-Semitism. Tar éis feachtas fíochmhar a stiúir an dlíodóir Alan Dershowitz, diúltaíodh seilbhíocht do Finkelstein ag Ollscoil DePaul i Chicago.

Mar aon le Giúdaigh shaolta frith-Shíónach ar nós Finkelstein, Noam Chomsky agus Israel Shahak, tagraíonn Gates do ghrúpa Giúdach for-Cheartchreidmheach atá glan in aghaidh an tSíónachais. Is ‘ailse’ é Iosrael do Ghiúdaigh toisc go bhfuil coincheap den stát Iosraelach ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh, dar le baill de Neturei Karta. Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú ‘frith-Sheimiteach’ a chur ar raibithe!

Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó. Ba iad dhá chlann as Chicago – Crown agus Pritzker – a raibh baint acu leis an tsindeacáit choiriúil Shíónach ó na 1920í ar aghaidh, chomh maith le George Soros, ar na ranníocóirí ba mhó d’fheachtas Obama. Ní hionann sin is rá gur drochuachtarán a bheas in Obama, dar le Gates.

“However, the facts suggest that he would not be a candidate if syndicate operatives were not confident of his behaviour as a pliable and reliable asset.”

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi leabhar Jeff Gates, Guilt By Association, ar an suíomh idirlín, www.criminalstate.com.

Saorfaidh an fhírinne sinn
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Márta 2009.

D’athraigh gach rud ar 11 Meán Fómhair, 2001 – nó sin an scéal a insítear dúinn ar aon nós. Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.

Naoi lá i ndiaidh ionsaithe 9/11, thosaigh Sibel Edmonds ag obair mar aistritheoir Tuircise agus Fairsise leis an FBI i Washington D.C. Smaoinigh sí ag an am go bhféadfadh sí ionsaí eile a sheachaint, b’fhéidir. Níorbh fhada gur thug sí faoi deara, áfach, nach raibh gach duine a bhí ag obair ann ar aon intinn léi.

Agus í i mbun a cuid oibre nua, tháinig Edmonds ar dhoiciméid a bhain leis na hionsaithe ar a raibh “not pertinent” scríofa orthu. Bhí cáipéis eile drochaistrithe, dar léi. Anuas air sin, bhí sí amhrasach faoi chomhghleacaí dá cuid, Melek Can Dickerson, Turcach mná a bhíodh ag obair roimhe sin leis an gComhairle Meiriceánach-Turcach (ATC), a bhí faoi imscrúdú ag an FBI le blianta maidir le gáinneáil drugaí (is é an Tuirc an próiseálaí óipiam is mó ar domhan), breabanna a thabhairt do pholaiteoirí, agus as gníomhartha amhrais eile nach iad.

Bunaíodh an ATC i 1994 le leas na Tuirce a chur cinn sna Stát Aontaithe. Bunaithe ar shampla AIPAC, an brúghrúpa Iosraelach, bhí go leor Meiriceánach mór le rá a raibh baint acu leis an gcaidreamh Iosrael-An Tuirc i measc bunaitheoirí an ghrúpa, ar nós Henry Kissinger, Brent Scowcroft, Richard Perle agus Douglas Feith.

Tost Comhcheilge

Maidin Domhnaigh amháin, thug Melek Can agus a fear chéile, Douglas, maor in Aerfhórsa SAM a chaith blianta ina attaché míleata sa Tuirc, cuairt gan choinne ar mhuintir Edmonds. Labhair Douglas faoin “líonra de chairde mór le rá” sa phobal Turcach a bhí aige agus mhol sé do Sibel gabháil leis an ATC. D’inis sé dóibh, dar le fear chéile Sibel, Matthew, dá ndéanfaidís amhlaidh, go mbeadh siad go maith as agus nach mbeadh orthu obair a thuilleadh.

Tuigeadh do Sibel Edmonds go raibh muintir Dickerson ag iarraidh í a earcú mar ghníomhaire ar son eagraíochta a raibh sí ceapaithe a bheith ag déanamh faire air, agus d’inis sí an scéal dá saoiste. Thug seisean neamhaird ar imní Sibel, áfach, agus mhol sé di dearmad a dhéanamh de. Mar sin féin, lean sí uirthi ag labhairt amach faoin scéal le daoine uachtaracha san FBI. Ach in ionad imscrúdú a chur ar bun maidir lena líomhaintí tromchúiseacha, bhris an FBI as a post í ag deireadh Mí Márta, 2002.

Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta. Is faisnéis rúnaicmithe gach a bhaineann le cás Edmonds ó shin i leith. Thug an tAontas Meiriceánach um Shaoirsí Sibhialta (ACLU) “the most gagged person in the history of the United States” uirthi.

Forcheilt

Coinníodh Edmonds ina tost ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin go dtí gur cuireadh an Coimisiún um 9/11 ar bun i 2004. Nuair a d’inis Condoleezza Rice, comhairleoir slándála náisiúnta Bush, don Choimisiún nach raibh coinne ar bith ag an rialtas go mbainfí leas as eitleáin mar a rinne na fuadaitheoirí, thug Edmonds “an outrageous lie” air, agus b’éigean do Rice a admháil go raibh a leithéid d’eolas acu.

Cé gur thug Edmonds í féin fianaise a mhair ar feadh trí uair go leith don Choimisiún i gcomhdháil iata, ní raibh ach bun-nóta amháin faoin méid a d’inis sí dóibh sa tuarascáil 571 leathanach a d’fhoilsigh siad.

Mar a d’fhiafraigh aturnae Edmonds, Ann Beeson, de chuid ACLU: “Just what in the world is the government trying to hide?”

I ndiaidh 9/11, cheistigh an FBI roinnt gníomhairí eachtracha maidir leis na hionsaithe. D’inis Edmonds don Sunday Times anuraidh gur chuala sí Turcach a raibh an FBI ag faire air ag rá ar an nguthán le duine céimiúil i Roinn an Stáit faoi ceathrar amhrastach:

“We need to get them out of the U.S. because we can’t afford for them to spill the beans.”

Dar le Edmonds, “The official said that he would ‘take care of it’.” Scaoileadh agus eiseachadadh an ceathrar amhrastach – Turcaigh agus Pacastánaigh – go luath ina dhiaidh sin.

Cé nár ainmníodh an t-oifigeach i Roinn an Stáit san alt sin dar teideal “For sale: West’s deadly nuclear secrets,” is léir ó fhoinsí inchreidte eile – Antiwar.com ina measc – gurb é an duine a bhí i gceist ag Edmonds ná Marc Grossman.

Maoiniú na sceimhlitheoireachta

D’fhreastail Marc Grossman i Roinn an Stáit faoi chúig cinn de rialtais éagsúla, idir Dhaonlathach agus Phoblachtánach, i roinnt tíortha suimiúla i dtreimhsí tábhachtacha. Bhí sé fostaithe in ambasáid SAM sa Phacastáin idir 1976 agus 1983, am go raibh na Stáit Aontaithe ag cur na gcéadta milliún dollar chuig Osama Bin Laden agus chuig na mujahedin tríd an ISI, seirbhís faisnéise na Pacastáine, chun cabhrú le ‘trodaithe na saoirse’ mar a tugadh orthu ag an am, ina bhfrithbheartaíocht in aghaidh an Aontais Shóivéidigh san Afganastáin.

Fiche bliain ina dhiaidh sin, agus é ar ais sna Stáit Aontaithe mar fhorúnaí stáit um ghnóthaí polaitiúla, chas Grossman le ceann foirne an ISI, an Ginearál Mahmoud Ahmad, díreach roimh 9/11. Bhí go leor cruinnithe ag Ahmad sna laethanta roimh na hionsaithe le hoifigigh sinsearacha SAM, ach de réir alt a foilsíodh sa Phacastáin ar 10 Meán Fómhair, 2001, is é an cruinniú ba thábhachtaí a bhí aige ná an ceann le Marc Grossman. Maidir le hábhar an chruinnithe, thuairiscigh an t-alt: “U.S. sources would not furnish any details beyond saying that the two discussed ‘matters of mutual interests.”

Cibé rud a labhair siad faoi ag an gcruinniú rúndiamhair sin, b’éigean do Ahmad éirí as a phost mí ina dhiaidh sin, nuair a mhaígh nuachtáin san India gur thug sé ordú $100,000 a chur chuig Mohammed Atta, ceann feadhna na bhfuadaitheoirí.

Gnó brabúsach an chogaidh

Dhá bhliain i ndiaidh tacú go láidir leis an ionradh ar an Iaráic mar gheall ar na hairm ollscriosúla, nárbh ann dóibh, agus mar gheall ar na nascanna, mar dhea, idir Saddam agus an sceimhlitheoireacht, d’éirigh Marc Grossman as a phost i Roinn an Stáit. Níorbh fhada go raibh post eile faighte aige – ar phá thar a bheith ard.

Ceapadh Grossman i 2005 ina leaschathaoirleach ar The Cohen Group, gnólacht stocaireachta bunaithe ag iar-Rúnaí Cosanta Clinton, William Cohen. Faigheann The Cohen Group $500,000 in aghaidh na bliana ó Lockheed Martin, an déantóir arm is mó ar domhain, go príomha mar gheall ar ghnó a bhaineann leis an Tuirc. Is baill iad Cohen agus Lockheed den ATC, áit a gcasann siad leis na ginearáil Turcacha a cheannaíonn na hairm – le hairgead ó cháiníocóirí Mheiriceá, ar ndóigh. Ceaptar go bhfuil Grossman ag tuilleamh $3 milliún in aghaidh na bliana faoi láthair.

Is gnó thar a bheith brabúsach é an cogadh, gan amhras. Agus tá borradh mór faoin ngnó ó d’fhógair George W. Bush “Cogadh i gcoinne na Sceimhlitheoireachta” i ndiaidh 9/11. Nuair a smaoineann tú air, nach fóinteach ar fad é Al-Qaeda don Choimpléasc Míleata-Tionsclaíoch agus d’Iosrael araon? Muna mbeadh sé ann, bheadh orthu é a chumadh.

Is féidir “Kill the Messenger,” clár faisnéise thar barr faoi Sibel Edmonds, a fheiceáil ar Google Video.

Cé hiad na fíorsceimhlitheoirí?
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Feabhra 2008.

Is beag duine in Éirinn nó ar fud na cruinne nach bhfuil ar buile faoin sléacht a rinne Iosrael ar Gaza 2009 mhuintir Ghaza a thosaigh cúpla lá i ndiaidh Lá na Nollag 2008, nó i rith Hannukah – féile na soilse – de chuid na nGiúdach. Ach b’fhéidir go n-éireodh muintir an domhain níos feargaí fós dá mbeadh an scéal ina iomláine acu.

Ar an gcéad dul síos, níl aon bhunús leis an leithscéal a thug lucht bolscaireachta Iosrael go raibh na hionsaithe ag freagairt do na roicéid gan mhaith de dhéantús baile a scaoil Hamas ar dheisceart Iosrael – cuid den talamh a goideadh i 1948 mar chuid den glanadh eitneach inar chaill suas le 800,000 Palaistíneach a gcuid tithe agus gabháltas.  Mar a thug an nuachtán Iosraelach Ha’aretz le fios ar an 31ú Mí na Nollag, 2008:

‘Sources in the defense establishment said Defense Minister Ehud Barak instructed the Israel Defense Forces to prepare for the operation over six months ago, even as Israel was beginning to negotiate a ceasefire agreement with Hamas.’

Lean Iosrael ag gabháil agus ag marú na bPalaistíneach i rith an tsosa chogaidh sin agus níor mhaolaigh siad blas an t-imshuí danartha ar an limistéar atá cosúil le campa géibhinn ina bhfuil 1.5 milliún daoine ar an ngannchuid.  Agus ba é Fórsaí ‘Cosanta’ Iosrael a bhris an sos cogaidh faoi dheireadh ar an 4ú Mí na Samhna nuair a mharaigh siad seisear Palaistíneach in ionsaí ar thollán i Stráice Gaza. Ní go dtí sin, mar fhreagra ar na maraithe sin, a thosaigh Hamas ag scaoileadh roicéad arís.  Mar sin féin, níor mharaigh roicéid Hamas duine ar bith in Iosrael idir sin agus an 27ú Mí na Nollag nuair a thionscain Iosrael an t-ionsaí fíochmhar a mharaigh mile trí chéad duine agus a ghortaigh go dona na mílte eile. Ach thug na hionsaithe roicéid sin an leithscéal a bhí ag teastáil ó Iosrael le fada an lá.

Marú na n-ainmhithe

Is amhlaidh go dtéann pleananna Iosrael i leith Gaza siar don tréimhse sular chuir siad deireadh leis na lonnaíochtaí a bhí ann chomh maith le harm Iosrael a aistharraingt as an Stráice i mí Lúnasa 2005. A bhuíochas do na meáin chlaonta – nó saonta, b’fhéidir – ceaptar go forleathan go ndearna rialtas Ariel Sharon an díscoir aontaobhach sin chun cabhrú le ‘próiseas na síochána.’

Fad is a bhí na meáin ag tuairisciú don domhan mór faoi na coilínigh Ghiúdacha bhochta sa Ghaza a bheith á ndíbirt ag an arm amach as a dtithe fóirdheonaithe ag cáiníocóirí Mheiriceá, bhí mise ar turas don Bhruach Thiar ag an am céanna, áit a raibh lonnaíochtaí mídhleathacha go leor eile á dtógáil ar fud na háite. Ní raibh smid faoi seo ar na scáileáin teilifíse, áfach.

Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an New York Times, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.  Priosún mór amuigh faoin aer a bhí á chruthú ag na hIosraeligh i nGaza agus bhí a fhios acu go rímhaith an toradh a bheadh ar 1.5 milliún daoine a dhingeadh i bpriosún mar seo.  In agallamh leis an Jerusalem Post i 2004, d’fhógair Arnon Soffer, déimeagrafaí in Ollscoil Haifa agus comhairleoir do Sharon, amach go neamhbhalb:

“Those people will become even bigger animals than they are today, with the aid of an insane fundamentalist Islam. The pressure at the border will be awful. It’s going to be a terrible war. So, if we want to remain alive, we will have to kill and kill and kill. All day, every day.”

Is cosúil go bhfuil tús curtha ag rialtas Olmert le marú gan srian ‘na n-ainmhithe’ sin.

Seachaint na síochána

Gaza inniu Ach tá rud eile tábhachtach nach luaitear sna tuairiscí faoi Gaza. In ainneoin reitrice Iosrael faoi Hamas a bheith ina eagraíocht sceimhlitheoireachta atá ina bagairt ar shlandáil na tíre, is amhlaidh gur thug Iosrael cúnamh díreach do Hamas sna hochtóidí.  In alt dar teideal ‘Hamas History Tied to Israel’ le Richard Sale, comhfhreagraí um sceimhlitheoireachta de chuid UPI (18 Meitheamh, 2002), mhínigh go leor saineolaithe cén fáth.

De réir Tony Cordesman, anailísí ar an Meánoirthear leis an Ionad um Staidéar Straitéise, bhí na hIosraeligh ag iarraidh leas a bhaint as Hamas mar frithmheáchan don Eagraíocht um Shaoirse na Palaistíne.  Chuir iaroifigeach sinsir de chuid an CIA síos ar thacaíocht Iosrael le Hamas mar:

“a direct attempt to divide and dilute support for a strong, secular PLO by using a competing religious alternative.”

Dar le hiaroifigeach frithsceimhlitheoireachta de chuid Roinn an Stáit SAM Larry Johnson:

“The Israelis are like a guy who sets fire to his hair and then tries to put it out by hitting it with a hammer. They do more to incite and sustain terrorism than curb it” a dúirt sé.

Ach bhí cúis eile níos soiniciúla leis an tacaíocht a thug Iosrael do Hamas. Cheap roinnt daoine ar an eite dheis i mbunaíocht Iosrael nach mbeadh Hamas sásta páirt a ghlacadh i bpróiseas na síochána, agus go gcuirfidís deireadh leis na comhaontuithe a bhí ann leis an PLO, a dúirt oifigeach SAM nach raibh ag iarraidh a ainm a thabhairt.

Maoiniú na sceimhlitheoireachta

Ach ní hiad na hIosraeligh amháin a thug cúnamh do Hamas. Léirigh alt le John Solomon, iriseoir de chuid AP, gur chuir an FBI airgead don ghrúpa frithbheartaíochta Ioslamach sna nóchóidí. De réir an ailt dar teideal ‘FBI Sent Money to Hamas’ (7 Deireadh Fómhair, 2003):

The counterterrorism operation in 1998 and 1999 was run out of the FBI’s Phoenix office in cooperation with Israeli intelligence and was approved by Attorney General Janet Reno, FBI officials told The Associated Press.

Cuireadh na mílte dollar chuig daoine ar cheap an FBI iad a bheith báúil leis an sceimhlitheoireacht. Dar leis an FBI, bhí siad ag iarraidh lorg an airgid a leanúint tríd na heagraíochtaí sceimhlitheoireachta, ach níor ciontaíodh éinne san oibríocht rúnda sin.  Mar a tharla, níor bhain Hamas feidhm as an airgead ar son na sceimhlitheoireachta, ach cuir i gcás go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta le bheith ann, an ndéarfadh rialtas SAM gur chabhraigh a chuid airgid le Hamas é a chur i gcrích?!  Beag an baol. Cháinfidís na mílitigh Ioslamacha go géar as gníomh sceimhlitheoireachta uafásach eile a dhéanamh ar phobal Iosrael ‘faoi léigear.’ Agus chreidfeadh formhór na ndaoine saonta san Iarthar bréag eile gan náire de chuid na ndreamanna atá in ainm is a bheith ag troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta.

An teach cearrbhachais dlíthiúil
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Eanáir 2009.

Tá na himeachtaí ar Wall Street ó Mheán Fómhair 2008 i leith tar éis stangadh a bhaint as cuid mhaith daoine, ‘saineolaithe’ na bpríomhmheán ina measc. D’fhéadfaí é a thuar, áfach, dá mbeadh a fhios ag daoine an cineál córais airgeadais a bhí ann, agus cén chaoi ar bunaíodh é.

D’fhonn an ghéarchéim airgeadais seo a thuiscint, ní mór dúinn dul siar go 1999 agus chuig an gcinneadh polaitiúil ríthábhachtach a rinneadh ansin. Tar éis brústocaireacht dhian a rinne lucht Wall Street ar Chomhdháil na Stát Aontaithe, a lean ar feadh blianta agus arbh fhiú na milliúin dollar é, chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú leis an Acht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais ar an 12ú Mí na Samhna, 1999.

Chuir an reachtaíocht seo deireadh, go bunúsach, le rialú ar an earnáil airgeadais a bhí ann ó chuir an tUachtarán Franklin D. Roosevelt a lámh leis an Acht Glass-Steagall i 1933, mar fhreagra ar amhantraíocht neamhrialaithe de chuid lucht Wall Street.  Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929.

Is amhlaidh go raibh lucht Wall Street ag iarraidh seirbhísí airgeadais a dírialú ó na hochtóidí i leith. Agus nuair a ceapadh Alan Greenspan i 1987 – fear a bhíodh roimhe sin ina stiúrthóir le banc J.P. Morgan – ina chathaoirleach ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach (banc ceannais nach bhfuil feidearálach ach príobháideach), ghríosaigh sé an Chomhdháil chun Glass-Steagall a aisghairm.

Maraon lena chairde ar Wall Street, bhí ríméad ar Greenspan nuair a chuir rialtas Clinton deireadh leis an  maoirseacht bheag a bhí orthu go dtí sin, agus mhol sé é mar ‘réabhlóid in airgeadas.’ D’éascaigh aisghairm Glass-Steagall áfach, an réabhlóid urraithe is cúis leis an bpraiseach ina bhfuil cúrsaí airgeadais faoi láthair.

An Poll Dubh

Bhí díorthaigh mar chroílár ag an réabhlóid urraithe seo. Is é an sainmhiniú a thugann Foclóir Fiontair ar ‘díorthach’, ná “ionstraim airgeadais a luacháiltear de réir gluaiseachtaí ionchais praghais bunsócmhainne, ar féidir gur tráchtearraí, airgeadra nó urrús í.” Ach i mbeagán focal, níl ann i ndairíre ach gealltóireacht ar an stocmhargadh. Agus is é an ghealltóireacht seo ba chúis le teip institiúdí móra airgeadais ar nós Fannie Mae, Freddie Mac agus Lehman Brothers, chomh maith le AIG, a chuir an cearrbhachas seo ar Wall Street faoi árachas.

Ach d’fhéadfadh cúrsaí dul in olcas ar fad fós. Mar a mhíníonn Ellen Brown ina halt “Bailout Bedlam” (Global Research, 2 Deireadh Fómhair, 2008), “The imploding derivatives bubble is a giant black hole that could suck all the productive assets of the nation into banking coffers.” De réir Brown, tá neamhchosaint ar dhíorthaigh thart ar $180 trilliún ag na bancanna sna SAM. Tá an figiúr ábhalmhór sin cothrom le trí oiread olltáirgeacht intíre na dtíortha ar domhan go léir – is é sin, mar a thug Brown air, “an impossible to fill black hole.”

Ina dhiaidh sin is uile, rinne rialtas SAM iarracht an poll dubh a líonadh le hairgead na gcáiníocóirí. Ach ní líonfar gach poll, is cosúil. D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers. Ach cad chuige an difríocht eatarthu?

Seans go raibh baint ag cinneadh Paulson leis an gcruinniú ag an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Nua Eabhrach thart ar an am sin idir é féin agus Lloyd Blankfein, caothaoirleach Goldman Sachs. Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht!

Coimhlint Leasa

Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W. Bush. Dúradh go raibh doras imrothlach idir Goldman Sachs agus an Teach Bán de chuid Bush.

Agus tá daoine ann a chreideann gur lean Paulson ag freastal ar a sheanchomhlacht agus é ag obair sa rialtas.

“The actions of Treasury Secretary Paulson since the first outbreak of the Financial Tsunami in August of 2007 have been directed with one apparent guiding aim – to save the obscene gains of his Wall Street and banking cronies,” a scríobh William Engdahl (Global Research, 30 Meán Fómhair, 2008).

Is cosúil go bhfaighidh an Státchiste an t-airgead – $800 billiún ar a laghad – i gcomhair plean Paulson ar iasacht ón mBanc Cúlchiste Feidearálach, a bhfuil a scairshealbhóirí go léir ina mbancanna príobháideacha. Dá bhrí sin, beidh cáiníocóirí Mheiriceá ag íoc úis do na bancanna leis na bancanna a tharrtháil mar gheall ar a gcuid cearrbhachais!

Ní haon ionadh é gur chuir William Engdahl síos air mar “the most brazen financial swindle in the scandal-ridden American finance history.”

Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche

Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú.  Dar le Michel Chossudovsky, Ollamh le hEacnamaíocht in Ollscoil Ottawa agus eagarthóir Global Research, “The proposed bank ‘bailout’ under the so-called Troubled Asset Relief Program (TARP) is not a ‘solution’ to the crisis but the ‘cause’ of further collapse.”

Ina alt “The Great Depression of the 21st Century,” taispeánann Chossudovsky gurb iad, fiach poiblí gan srian agus lárúchán gan fasach na cumhachta bainc, an toradh a bheidh ar phlean Paulson. Ansin, dar leis, ceannóidh na hairgeadaithe go saor, leis an airgead a fuair siad ó cháiníocóirí, corparáidí a bhfuil a luacháil stoic íslithe, cuid acu mar gheall ar amhantraíocht na n-airgeadaithe céanna.

Más fíor do Chossudovsky, is cosúil go mbeidh an cearrbhachas de chuid lucht Wall Street thar a bheith brabúsach. Go háirithe nuair atá smacht acu ar an rialtas, ní thig leo cailliúint.

Pámháistrí Obama

An mbeidh rialtas Barack Obama níos fearr? Ní móide go mbeidh. Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois. “Those who set the financial system ablaze in 1999, have been called back to turn out the fire,” mar a chuir Chossudovsky é.

Thairis sin, bhí Goldman Sachs, J. P. Morgan Chase, agus Citigroup i measc na ranníocóirí ba mhó d’fheachtas Obama. Cé go ndúirt sé i rith an toghcháin “we cannot have a thriving Wall Street while Main Street suffers,” is cosúil go bhfuil lucht Wall Street ag déanamh go hiontach a fhad is atá an gnáthdhuine ag fulaingt. Tá rogha soiléir ag an gcéad uachtarán eile: freastal ar leitheidí Goldman Sachs nó freastal ar phobal Mheiriceá. Ach ní féidir leis an dá thrá a fhreastal.

Lucht na cumhachta
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Nollaig 2008.

“Change we can believe in” – cibé cén sórt athraithe atá i gceist – ab ea é an sluán margaíochta a bhí ag Barack Obama ina fheachtas buach sa toghchán uachtaránachta. Thug an chéad uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe le fios gan mhoill, áfach, nach mbeadh aon athrú ar dhúnghaois Mheiriceá i leith Iosrael lena chéad cheapachán mar Cheann Foirne an Tí Bháin – Rahm Emanuel.

“There could not be a more provocative appointment than Rahm Emanuel,” a scríobh Ali Abunimah, eagarthóir Electronic Intifada (5 Mí na Samhna), suíomh nuachta idirlín a thugann dearcadh Pailistíneach, “if he wanted to send a signal that he is going to stick by a quite hardline pro-Israel policy.”

Níl aon amhras ar athair Rahm Emanuel ach oiread go mbeidh a mhac in ann tionchar a imirt ar pholasaí Uachtarán Obama i leith an Mheánoirthir a bheadh ar leas Iosrael. De réir alt sa Jerusalem Post (6 Mí na Samhna), dúirt an Dr. Benjamin Emanuel in agallamh leis an nuachtán Eabhraise Ma’ariv: “Obviously he will influence the president to be pro-Israel. Why wouldn’t he? What is he, an Arab? He’s not going to clean the floors of the White House.”

Cibé ar bith faoi thagairt chiníoch an dochtúra, tá an ceart aige. Post an-tábhachtach atá ann mar is é an Ceann Foirne a chinneann cé a fhaigheann bealach isteach chun labhairt leis an Uachtarán agus cé nach bhfaigheann. Má fuair Rahm an dearcadh ciníoch atá ag a athair, ní móide go mbeidh cead isteach ag mórán Arabach a fhad is a bheidh sé ag bainistiú an Tí Bháin.

Sceimhlitheoireacht Iosraelach

Sna daichaidí, bhí Benjamin Emanuel ag smuigleáil arm don Irgun, mílíste Síónach de chuid Menachem Begin (duine den triúr Príomh-Airí Iosraelacha – is iad Yitzhak Shamir agus Ariel Sharon an bheirt eile – a bhí ina sceimhlitheoirí tráth), a rinne feachtas sceimhlitheoireachta i gcoinne na bPailistíneach agus na mBriotanach, buamáil Ostán Rí Daithí in Iarúsailéim i 1946 ina measc, inar maraíodh 93 duine. De thoradh gníomhachtaí neamhthrócaireacha mar seo ag comrádaithe Emanuel, bunaíodh an stát Giúdach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bunaithe ar sceimhlitheoireacht, tá Iosrael anois ar thús cadhnaíochta sa ‘chogadh domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta.’

Cé gur rugadh agus gur togadh Rahm Emanuel in Chicago, léirigh seisean a thacaíocht don stát Iosraelach chomh maith nuair a thairg sé a sheirbhís don arm Iosraelach i rith Chogadh na Murascaille i 1991. Bhí sé ag cothabháil feithiclí i gcomhair an airm in aice le teorainn na Liobáine a fhad is bhí Iosrael ag forgabháil deisceart na tíre sin.

Ionadaí Comhdhala

Toghadh Rahm Emanuel do Chomhdháil na Stát Aontaithe i 2003, áit ar thacaigh sé go láidir le polasaithe ionsaitheacha Iosrael ó shin i leith. I Meitheamh na bliana sin, ní mó ná sásta a bhí sé le hUachtarán Bush nuair a cháin Bush polasaí Iosrael maidir le ceannairí na bPailistíneach a fheallmharú. In éineacht le 33 Daonlathach eile, shínigh Emanuel litir chuig Bush inar dhúirt siad: “We were deeply dismayed to hear your criticism of Israel for fighting acts of terror.”

I mí Iúil 2006, thug Emanuel oráid i dTeach na nIonadaithe ag tacú leis an ionsaí a rinne Iosrael ar an Liobáin inar scrios siad bonneagar na tíre agus mharaigh siad os cionn míle sibhialtach. Agus rinne sé iarracht gan ligean le Nouri al-Maliki, Uachtarán na hIaráice, labhairt os comhair na Comhdhála mar gheall ar a cháineadh ar an ionsaí sin.

Glanadh eitneach

Ligeann Emanuel air ó am go chéile, áfach, gur chás leis na sibhialtaigh Pailistíneacha. I mí Iúil 2007, scríobh sé chuig an Rúnaí Stáit Condoleeza Rice “on behalf of students in the Gaza Strip whose future is threatened by the ongoing fighting there.” In ionad Rialtas Iosrael a cháineadh mar gheall ar an imshuí danartha a dhéanann siad ar an limistéar, leag Emanuel an milleán ar an trodaíocht idir Hamas agus Fatah. Níor luaigh sé, ar ndóigh, gur spreag na Stáit Aontaithe an foréigean sin chun fáil réidh le rialtas Hamas, a toghadh go daonlathach ag an pobal Pailistíneach i 2006. Mhol Emanuel do Rice gur chóir di comhoibriú le rialtais sa reigiún, an Éigipt agus an Iordáin, mar shampla, chun áit slán a fháil sna tíortha sin do mhic léinn as Gaza.

Tuigeann na Pailistínigh go maith, áfach, nach é sábháilteacht na mac léinn an chloch is mó ar phaidrín leithéidí Emanuel. Níl ann i ndáiríre ach leithscéal chun na Pailistínigh óga a aistriú amach as an tír, mar chuid den ghlanadh eitneach leanúnach is gá chun tromlach Giúdach a chruthú sa stát Iosraelach. Faoi láthair, tá ceadatán beagáinín os cionn 50% ag na Pailistínigh san Iosrael agus an chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil in éineacht, agus is cúis imní é sin do rialtas Iosrael  agus dá thacadóirí thar lear ar nós Rahm Emanuel.

Caint Obama

I ndiaidh do Barack Obama labhairt os comhair AIPAC, an brúghrúpa is cumhachtaí ar son Iosrael sna Stáit Aontaithe, i Meitheamh na bliana seo, thionlaic Emanuel an t-iarrthóir uachtaránachta go cruinniú le coiste riartha AIPAC. Caithfidh sé go raibh an coiste an-sásta leis an óráid a thug Obama inar gheall sé a thacaíocht láidir don stát Iosraelach. Ach caithfidh sé go raibh ríméad orthu nuair a dúirt Obama go conspóideach gurb é Iarúsailéim neamhroinnte príomhchathair Iosrael, ainneoin rún de chuid na Náisiún Aontaithe a cháineann Iosrael as an gcathair a nascghabháil, agus ainneoin nach bhfuil ambasáid ag aon tír in Iarúsailéim.

I rith an toghcháin, chothaigh na meáin den eite dheis ar nós Fox News amhras gur Moslamach rúnda a bhí in Barack Obama. Chuir siad béim ar a lárainm Hussein chomh maith, ag iarraidh nasc a chothú i meon an lucht féachana aineolach idir Obama agus Saddam Hussein. Caithfidh sé go bhfuil siad sona sásta anois áfach, go mbeidh Rahm Israel Emanuel sa Teach Bán ag déanamh cinnte nach mbeidh an t-Uachtarán Obama ‘bog’ ar sceimhlitheoirí – is é sin, sceimhlitheoirí Moslamacha. Tabharfar cead a gcinn ar ndóigh, do sceimhlitheoirí Meiriceánacha agus Iosraelacha ‘an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta’ a leathadh. Plus ça change…

Ar mhaithe le Síón
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Samhain 2008.

“When I was a young senator, I used to say, ‘If I were a Jew I’d be a Zionist.’ [But now] I am a Zionist. You don’t have to be a Jew to be a Zionist.” Seo mar a labhair Joseph Biden le gairid agus é ag stócaireacht le bheith ina chéad leas-uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe. Ach ní hé gurb é an Caitliceach de shliocht Éireannach seo an t-aon iarrthóir uachtaránachta atá báúil leis an Iosrael.

Go bunúsach, is éard is brí le Síónach ná duine a chreideann gur chóir stát a bheith ann ina bhfuil tromlach na ndaoine ina nGiúdaigh. Mar gheall ar a d’fhulaing na Giúdaigh san Uileloscadh, tá sé nádurtha go leor gur iomaí duine atá báúil le choincheap an tSíónachais.

Ach go praiticiúil, ciallaíonn sé go nglacann siad leis an nglanadh eitneach a tharla sa bhliain 1948 nuair a caitheadh amach 800,000 Pailistínigh as a mbailte, nach ligtear dóibh filleadh orthu; leis an bhforghabháil bhrúdiúil ar an mBruach Thiar agus ar Stráice Gaza ó 1967 i leith; leis an gcoilíniú leanúnach sa Bhruach Thiar, áit a bhfuil thart ar 500,000 lonnaitheoirí Giúdacha faoin am seo; agus leis na “Bantustans,” atá cosúil le campaí géibhinn, fágtha ag na Pailistínigh faoi láthair.

I mbeagán focal, ní aithníonn an Síónach go bhfuil cearta daonna na bPailistíneach cothrom le chearta na nGiúdach san Iosrael – agus is ag Dia agus Síónaigh amháin atá a fhios cé chomh fada a shíneann teorainneacha na tíre beannaithe sin.

Tráthúil go leor, i rith na díospóireachta idir Biden agus Sarah Palin ar na mallaibh, léirigh an bheirt acu a gcuid tacaíochta láidre don Iosrael, ach níor luaigh ceachtar acu na Pailistínigh oiread is uair amháin. Is cosúil gur aontaigh siad leis an méid a dúirt iar-Phríomh-Aire an Iosrael, Golda Meir, faoi na Pailistínigh mar phobal: “They did not exist.”

Mire mhílaoiseach

Ach má tá Palin claonta i leith an Iosrael (d’inis sí do Shimon Peres nach raibh ach bratach amháin ina hoifig!), tá a leathbhádóir sinsearach, John McCain, splanctha ina dhiaidh na tíre bige sin. Agus é ag labhairt do Chomhairle Náisiúnta den Iosrael Óg i Nua Eabhrach i 1999, dúirt an seanadóir ó Arizona gur chóir do na Stáit Aontaithe idirghabháil mhíleata a dhéanamh ar son an Iosrael “even when vital national interests are not at stake.” Trí bliana roimhe sin, bhí sé ina bhall de ghrúpa darb ainm an Coimisiún um Leas Náisiúnta Mheiriceá a d’eisigh tuarascáil a mháigh gur fiú “serious treasure and serious blood” a chaitheamh chun an Iosrael a chosaint. Seans go mbeadh go leor cáiníocóirí agus tuismitheoirí Mheiriceánacha ar mhalairt tuairime, áfach.

Níos tromchúisí fós, tá caidreamh láidir idir McCain agus an soiscéalaí teilifíse, an t-Oirmhinneach John Hagee, fear a bhunaigh an t-eagras Criostaithe Aontaithe ar son an Iosrael, ag a bhfuil an mana “Ar mhaithe le Síón.” Anuraidh nuair a labhair Hagee os comhair AIPAC, an brúghrúpa is cumhachtaí ar son an Iosrael sna Stáit Aontaithe, sheas an slua agus thug bualadh bos don soiscéalaí conspóideach nuair a chuir sé síos ar uachtarán na hIaráine, Mahmoud Ahmadinejad, mar “Hitler nua” agus gheall sé nach ligfeadh a ghrúpa uileloscadh eile a bheith ann.

Ní haon ionadh é nár luaigh Hagee go múineann sé dá lucht leanúna – na Críostaithe Síónacha mar a thugtar orthu – go bhfuil uileloscadh eile dosheachanta, inar marófar an dá thrian den phobal Iosraelach. Ach i dtosach, caithfidh Criostaithe tacaíocht a thabhairt do na Giúdaigh forghabháil iomlán a dhéanamh ar an Talamh Naofa ar fad, ionas go gcomhlíonfar an tairgnreacht apacailipteach seo. Ní bheidh na “Críostaithe” ar nós Hagee ann chun na Giúdaigh a tharrtháil in am a ngátair, áfach, mar beidh siad tugtha suas go neamh agus iad fós beo sa “rapture” – focal nach bhfuil trácht ar bith air sa Bhíobla.

Suimiúil go leor, déanann Síónaigh sna Stáit Aontaithe agus san Iosrael neamhaird ar theagasc frith-Sheimiteach Hagee, ach glacann siad go fonnmhar lena thacaíocht ríthábhachtach do fhorleathnú coilíneach an Iosrael.

Ceaptar go bhfuil thart ar 70 milliún Criostaithe sna Stáit Aontaithe faoi thionchar na seafóide neamh-bhíobalta seo ar a dtugtar dispeansáideachas. Cuireadh dlús leis an ngluaiseacht sa bhliain 1909 nuair a d’fhoilsigh Preas Ollscoil Oxford an Bíobla Tagartha Scofield le Cyrus Scofield, “an naomh dispeansáideach” a thréig a bhean chéile agus a chlann agus a ciontaíodh as brionnú sular raibh sé “athbheirthe.”

Chuir Scofield nótaí leis an mBíobla Rí Séamas a chuireann in iúl go gcaithfeadh Críostaithe tacaíocht neamhchriticiúil a thabhairt do stát an Iosrael, cé nach raibh an tír sin bunaithe go dtí 1948. De réir criticí áirithe an dispeansáideachais, áfach, fuair Scofield maoiniú ó Shíónaigh mór le rá a bhí ag iarraidh tacaíocht a chothú do smaoineamh an Iosrael sna Stáit Aontaithe.

Cibé ar bith, is mar gheall ar thionchar an chaimiléara seo gur thacaigh go leor Críostaithe leis an ionradh ar an Iaráic agus go bhfuil siad anois i bhfabhar ionsaithe ar an Iaráin. Is cuma leo má chuireann sé tús leis an dTriú Cogadh Domhanda, mar tá siad ag súil go mór le Armageddon. Creideann siad go soineanta nach nótaí Síónacha de chuid Scofield ach briathar Dé atá ann.

Ní móide go gcreideann McCain an tseafóid chontúirteach dá charad Hagee (n’fheadar an gcreideann Hagee féin é), ach fós is cosúil go bhfuil fonn air ionsaí a dhéanamh ar an Iaráin, polasaí atá a bhrú ag nuachoimeádaigh sna Stáit Aontaithe agus an eite dheis san Iosrael araon. Is léir, mar sin, go mbeadh John McCain an-chontúirteach mar uachtarán. Ach an mbeadh Barack Obama níos fearr?

Brúghrúpa ar son an Iosrael

“I saw him performing before the Jewish lobby [AIPAC], where he broke all records for fawning, and I asked myself: What, is this the man who will bring about the Great Change?” a scríobh gníomhaí Iosraelach ar son síochána, Uri Avnery, faoi Obama sa nuachtán Ha’aretz (5 Iúil, 2008). Mhínigh an fuirseoir, Jon Stewart, fáth amháin go raibh ar Obama an béal bán a thabhairt don bhrúghrúpa cumhachtach ar son an Iosrael nuair a dúirt sé ar The Daily Show le gairid: “You can’t say anything remotely critical of Israel, and still get elected president.”

Ach tá cúis eile le thacaíocht Obama don Iosrael, is cosúil. Is amhlaidh go bhfuair “an t-iarrthóir frithchogaidh” maoiniú flaithiúil ó mhuintir Crown as Chicago, a rinne cuid mhaith dá chuid $3.6 billiún as General Dynamics, corporáid a tháirgeann airm, agus a bhfuil caidreamh láidir aige le tionscal míleata an Iosrael. De réir The Jerusalem Post (27 Feabhra, 2005), tá muintir Crown “well-known for its support of sectarian Jewish causes.” Agus má siad i bhfabhar cogadh leis an Iaráin, an mbeidh Obama in ann a dheontóirí móra a dhiultiú?

Déanta na fírinne, níl mórán difir idir McCain agus Obama ó thaobh polasaithe eachtrach de. Is cuma Poblachtánach nó Daonlathach sa Teach Bán, leanfar leis an t-impire. Mar a dúirt Tony Judt, ollamh le stair ag Ollscoil Nua Eabhrach, ina alt dar teideal “Bush’s Useful Idiots” sa London Review of Books (21 Meán Fómhair, 2006):“In today’s America, neo-conservatives generate brutish policies for which liberals provide the ethical fig-leaf. There really is no other difference between them.”

Cé nach mbeadh a fhios agat ó bheith ag breathnú ar na meáin, tá rogha eile ag vótáilithe Mheiriceá, áfach. Is iad Cynthia McKinney agus Rosa Clemente iarrthóirí an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta.  Nach gceapfá go mbeadh suim ag iriseoirí i mbeirt bhan óg Afra-Meiriceánacha ag iarraidh an Teach Bán a bhaint amach? Ach ar nós na bPailistíneach, is cosúil nach ann iad.

An féidir go mbaineann ciúnas na meán faoi fheachtas McKinney lena cáineadh ar pholasaithe Iosraelacha agus lena cur in aghaidh cogaidh Mheiriceá sa Mheánoirthear?

Cogadh sa tSeoirsia
Le Maidhc Ó Cathail. Foilsithe ar Beo, Deireadh Fómhair, 2008.

“The most powerful form of lie is the omission,” a scríobh George Orwell uair amháin. Bhuel, más fíor do Orwell, is bréagadóirí den chéad scoth iad na meáin idirnáisiúnta, mar bhí go leor eolais fágtha ar lár acu ina gcuid tuairiscí faoin gcogadh a bhí ar siúl sa tSeoirsia i mí Lúnasa seo a chuaigh thart.

Ar an gcéad dul síos, bunoscionn leis na fíricí, ba mar ionsaitheoir sa choimhlint seo a chuir meáin an Iarthair an Rúis i láthair, cé gurbh í an tSeoirsia a d’ionsaigh Tskhinvali, príomhchathair na hÓiséite Theas, ar an 8 Lúnasa. Ionsaí fíochmhar ab ea é inar maraíodh thart ar 2,000 duine, cuid acu go barbartha.

“I saw a Georgian soldier throw a grenade into a basement full of women and children,” a d’inis Saramat Tskhovredov, fear a bhfuil cónaí air i Tskhinvali, do thuairisceoirí. Tríd is tríd, tugadh neamhaird ar ghníomhartha uafásacha mar seo, agus cuireadh an tSeoirsia bheag i láthair mar íospartach neamhurchóideach sna meáin le linn d’arm na Rúise a bheith ag díbirt fórsaí de chuid na Seoirsia as an Óiséit Theas, réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis.

Ba bheag dream a bhí ní ba ghlóraí ag cáineadh na Rúiseach ná ceannairí na Stát Aontaithe agus na Breataine, na tíortha céanna a raibh baint acu le bás na gcéadta míle duine de dheasca an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic, tír atá i bhfad i gcéin uathu agus nach raibh ina bagairt ar bith dóibh. Agus creid é nó ná creid, is iad fórsaí de chuid na Seoirsia an tríú fórsa is mó atá ag feidhmiú san Iaráic faoi láthair; tá thart ar 2,000 saighdiúir ansin. Más ceadmhach don tSeoirsia páirt a ghlacadh i bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice in aghaidh thoil na nIarácach, cad chuige nach mbeadh cead ag an Rúis a bheith san Óiséit Theas, áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi?

Tharla Réabhlóid na Rósanna, ar réabhlóid gan mharú í, sa tSeoirsia sa bhliain 2003 Rud eile nár luaigh na meáin ná an tslí ar tháinig Mikheil Saakashvili, dlíodóir a fuair a chuid oideachais in Harvard, i gcumhacht sa tSeoirsia. Cinnte, luadh sna meáin go bhfuil Saakashvili i gcumhacht sa tír sin ó tharla Réabhlóid na Rósanna sa bhliain 2003, ar cheann de na “Réabhlóidí Datha“ í a bhí ar siúl san Iar-Aontas Sóivéadach. Ach níor míníodh cé a bhí ag tacú leis an réabhlóid gan mharú seo, ná cén fáth.

Agóidí

B’éigean do Edouard Shevardnadze eirí as oifig mar uachtarán na Seoirsia i Samhain na bliana 2003 i ndiaidh d’agóidí móra i gcoinne an rialtais a bheith ar siúl. Ní raibh na hagóidí chomh spontáineach agus a dhealraigh siad, áfach. Agus ní hé pobal na Seoirsia amháin a bhí ag iarraidh fáil réidh le Shevardnadze, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Shóivéadaigh.

In earrach na bliana sin, d’imigh Saakashvili in éineacht le grúpa gníomhaíoch óg go Béalgrád. Ba ansin a fuair siad traenáil in “nonviolence as a method of warfare”, modhanna réabhlóideacha de chuid Gene Sharp, ar bunaitheoir an Albert Einstein Institution é. Eagraíocht is ea an institiúid seo a thugann comhairle do ghrúpaí ar fud an domhain atá ag cur i gcoinne cibé dreama atá i réim  ina dtír féin – go príomha, is cosúil, do ghrúpaí ar mian leo fáil réidh le rialtais nach bhfuil mór le himpire nualiobrálach na Stát Aontaithe.

D’íoc Open Society Institute de chuid George Soros as an turas oideachasúil sin. Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, áfach. Mar a scríobh Neil Clark sa New Statesman (Meitheamh, 2003): “Soros may not, as some have suggested, be a fully paid-up CIA agent. But that his companies and NGOs are closely wrapped up in US expansionism cannot seriously be doubted.”

Ar aon chuma, nuair a d’fhill Saakashvili agus a chuid réabhlóidithe síochánta ar an tSeoirsia, fuair siad oiliúint bhreise ó ambasadóir na Stát Aontaithe in Tbilisi, Richard Miles. Bhí Miles ag obair i mBéalgrád roimhe sin, áit a raibh baint lárnach aige leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milosevic.

Tá Mikheil Saakashvili i gcumhacht sa tSeoirsia ó bhí 2003 ann D’éirigh go hiontach le Saakashvili, ar ndóigh, agus mhol na meáin an coup d’état gan mharú mar bhua iontach ar son na saoirse agus an daonlathais agus mar bhuille i gcoinne tíorántachta. Bhí gach duine ríméadach, agus rinne an comhphobal idirnáisiúnta dearmad ar an tSeoirsia arís go ceann cúig bliana eile.

Stát nua

Idir an dá linn, ní raibh cúrsaí thar mholadh beirte i stát nua daonlathach Saakashvili. Fuair an príomh-aire, Zurab Zhvania, bás i gcúinsí amhrasacha i mí Feabhra na bliana 2005. Coicís ina dhiaidh sin, dhearbhaigh imscrúdaitheoirí de chuid an FBI gurbh é nimhiú ó théitheoir gáis a bhí fabhtach ba chúis lena bhás. Bhí go leor daoine ann, áfach, nár chreid gur bás tionóisceach a bhí ann, go háirithe nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne go luath ina dhiaidh sin. Bhí Zhvania i gcoinne phríobháidiú phríomhphíblíne gháis na tíre, agus síltear gurbh é seo ba chúis lena dhúnmharú. Ba mar gheall ar chúrsaí gáis a chaill Shevardnadze tacaíocht an Iarthair chomh maith, is cosúil.

Cé gur labhair Saakashvili amach in aghaidh na caimiléireachta, thug sé postanna brabúsacha dá mhuintir agus dá chairde. Cheap sé deartháir dá chuid mar chomhairleoir ar thionscadal na píblíne ola Baku-Tbilisi-Ceyhan (BTC), ar thionscadal mór é a fuair tacaíocht ó British Petroleum agus comhlachtaí ola eile.

Anuas air sin, tá diansmacht agus foréigean dulta i méid ó tháinig Saakashvili i gcumhacht. Seo mar a chuir William Engdahl síos ar riail Saakashvili sa bhfoilseachán Online Journal (29 Lúnasa): “Since coming to power in 2004 with US aid, Saakashvili has led a policy of large-scale arrests, imprisonment, torture and deepened corruption.” Ní nach ionadh go bhfuil ardmheas ag George W. Bush air!

Is léir go bhfuil Saakashvili an-ghar do rialtas Mheiriceá, ach is cosúil go bhfuil rialtas na Seoirsia níos gaire do thír eile, fiú. Tuigtear go forleathan go bhfuil píblíne ola BTC ann chun ola a thabhairt ón Muir Chaisp go margaí an Iarthair, ach níl mórán tráchta ar an bpíblíne atá beartaithe le dhul ó Ceyhan sa Tuirc go calafort

Tógadh píblíne ola Baku-Tbilisi-Ceyhan le hola a thabhairt ón Muir Chaisp go dtí margaí an Iarthair Ashkelon in Iosrael. Tabharfar an ola trasna Iosrael go dtí Eilat, atá suite ar an Muir Rua, agus uaidh sin, féadfar í a easpórtáil go margaí móra na hÁise. Dar le Michel Chossudovsky, eagarthóir Global Research, cuirfidh sé seo go mór le cumhacht straitéiseach na nIosraelach.

Infheistíocht

Chun an infheistíocht ríthábhachtach seo a chosaint, tugann na hIosraelaigh tacaíocht mhór mhíleata don tSeoirsia. Tuairiscíodh i nuachtán Iosraelach dar teideal Haaretz ar an 11 Lúnasa gur labhair aire Seoirsiach, Temur Yakobashvili, as Eabhrais ar sheirbhís raidió de chuid arm na nIosraelach, agus go ndúirt “Israel should be proud of its military which trained Georgian soldiers.” In alt eile a foilsíodh in Haaretz, mhínigh Gideon Levy cúram an aire seo: “Yakobashvili, the Jewish minister of ‘reintegration,’ another white-washed term for occupation,” agus é ag tagairt don chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil mar phatrún i gcomhair na hÓiséite Theas.

Chomh maith le hoiliúint mhíleata a bheith i gceist, thosaigh na hIosraelaigh ag díol arm leis an tSeoirsia seacht mbliana ó shin agus ceannaíodh na hairm sin le cúnamh airgid ó na Stáit Aontaithe. Ba é Aire Cosanta na Seoirsia, Davit Kezerashvili – ar saoránach de chuid Iosrael é – a chuir na díolacháin seo i gcrích. Ceaptar go raibh suas le míle “comhairleoirí” míleata ó Iosrael lonnaithe sa tSeoirsia chomh maith, agus gur ghlac chuid acu páirt san ionsaí ar an Óiséit Theas.

An féidir ciall a bhaint as an gcaidreamh seo idir George Soros, na Stáit Aontaithe, Iosrael, a gcuid cairde sa tSeoirsia, agus an cluiche contúirteach atá á imirt acu ar theorainn na Rúise?

“If you want a glimpse of how I think about foreign policy, read Natan Sharansky’s book, The Case for Democracy,” a dúirt George W. Bush le hiriseoir sa bhliain 2005. Is é leabhar Sharansky bíobla na nuachoimeádach, grúpa a thugann tacaíocht fhanaiceach d’Iosrael. Molann Sharansky gur chóir an daonlathas a scaipeadh ar fud an domhain. Tacaíonn sé leis an ionradh tubaisteach a rinneadh ar an Iaráic – ionradh a tharla mar gheall ar bhréaga na nuachoimeádach, cuir i gcás. D’éirigh Sharansky as a phost mar aire rialtais in Iosrael, áfach, mar gheall ar an gcinneadh lonnaíochtaí na nGiúdach a tharraingt as Stráice Gaza. Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh. Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea?

Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir. Bhuel, sin ábhar ar chóir plé a dhéanamh air lá éigin eile.